+Airteagal 415 Oibleagáid tuairiscithe agus formáid an tuairiscithe
---+Airteagal 415 1.
---+Airteagal 415 2.
---+Airteagal 415 3.
---+Airteagal 415 3a.
---+Airteagal 415 4.
---+Article 415 5.
---+Airteagal 415 6.
|
Airteagal 415 Oibleagáid tuairiscithe agus formáid an tuairiscithe
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 415 1.
|
Tuairisceoidh institiúidí na hítimí dá dtagraítear sna caighdeáin theicniúla chur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 nó 3a den Airteagal seo, i dTeideal IV agus sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) do na hinstitiúidí inniúla san airgeadra tuairiscithe, beag beann ar ainmníocht iarbhír na n-ítimí sin. Go dtí go sonrófar an oibleagáid tuairiscithe agus an fhormáid tuairiscithe maidir leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a leagtar amach i dTeideal IV agus go dtí go dtabharfar isteach i ndlí an Aontais iad, tabharfaidh institiúidí tuairisc do na húdaráis inniúla maidir leis na hítimí dá dtagraítear i dTeideal III san airgeadra tuairiscithe, beag beann ar ainmníocht iarbhír na n-ítimí sin. Uair sa mhí ar a laghad a bheidh sa mhinicíocht tuairiscithe i gcás ítimí dá dtagraítear sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) agus uair sa ráithe ar a laghad i gcás ítimí dá dtagraítear i dTeideal III agus i dTeideal IV.
|
|
Airteagal 415 2.
|
Déanfaidh institiúid tuairisciú ar leith do na húdaráis inniúla ar na hítimí dá dtagraítear sna caighdeáin theicniúla chur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 nó 3a den Airteagal seo, i dTeideal III go dtí go sonrófar an oibleagáid tuairiscithe agus an fhormáid tuairiscithe maidir leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a leagtar amach i dTeideal IV agus go dtí go dtabharfar isteach i ndlí an Aontais iad, i dTeideal IV agus sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:
(a)
i gcás ina bhfuil ítimí ainmnithe in airgeadra nach é an t-airgeadra tuairiscithe é agus a bhfuil dliteanais chomhiomlána ag an institiúid atá ainmnithe in airgeadra den sórt sin arb ionann iad agus 5 % de dhliteanais iomlána na hinstitiúide nó an fhoghrúpa leachtachta aonair, nó a sháraíonn 5 %, gan cistí dílse agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe a áireamh, déanfar an tuairisciú in airgeadra na hainmníochta;
(b)
i gcás ina bhfuil ítimí ainmnithe in airgeadra ar airgeadra Ballstáit óstaigh é ina bhfuil brainse suntasach dá dtagraítear in Airteagal 51 de Threoir 2013/36/AE ag an institiúid agus ina n-úsáideann an Ballstát óstach sin airgeadra eile nach é an t-airgeadra tuairiscithe é, déanfar an tuairisciú in airgeadra an Bhallstáit ina bhfuil an brainse suntasach lonnaithe;
(c)
i gcás ina n-ainmnítear ítimí san airgeadra tuairiscithe, agus i gcás inarb ionann méid comhiomlán na ndliteanas in airgeadraí eile nach iad an t-airgeadra tuairiscithe iad agus 5 % de dhliteanais iomlána na hinstitiúide nó an fhoghrúpa leachtachta aonair iad, nó a sháraíonn 5 %, gan cistí dílse agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe a áireamh, déanfar an tuairisciú san airgeadra tuairiscithe.
|
|
Airteagal 415 3.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d'fhonn an méid seo a leanas a shonrú:
(a)
formáidí aonfhoirmeacha agus réitigh TF le treoracha gaolmhara maidir le minicíochtaí agus maidir le dátaí tagartha agus íocaíochta; beidh na formáidí agus na minicíochtaí tuairiscithe i gcomhréir le cineál, le scála agus le castacht ghníomhaíochtaí na n-institiúidí éagsúla agus áireofar orthu an tuairisciú atá riachtanach igcomhréir le míreanna 1 agus 2;
(b)
beidh meadarachtaí faireacháin leachtachta breise riachtanach, d'fhonn cead a thabhairt d'údaráis inniúla léargas cuimsitheach a fháil ar phróifíl
►C12
riosca ◄ leachtachta institiúide, a bheidh comhréireach le cineál, le scála agus le castacht ghníomhaíochtaí na hinstitiúide.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin maidir leis na hítimí sin a shonraítear i bpointe (a) faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Feabhra 2015, agus maidir leis na hítimí a shonraítear i bpointe (b,) faoin 1 Eanáir 2014. Tugtar cumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
|
Airteagal 415 3a.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d'fhonn a shonrú na méadrachtaí breise faireacháin leachtachta mar a thagraítear dóibh i mír 3, a mbeidh feidhm acu maidir le hinstitiúidí beaga agus neamhchasta. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [bliain amháin tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán leasaitheach seo i bhfeidhm]. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
|
Airteagal 415 4.
|
Arna iarraidh sin, soláthróidh údaráis inniúla na mBallstát baile an tuairisciú aonair ar bhonn tráthúil agus trí mheán leictreonach do na húdaráis inniúla agus do bhanc ceannais na mBallstát óstach agus doÚBE i gcomhréir leis an Airteagal seo.
|
|
Article 415 5.
|
Competent authorities that exercise supervision on a consolidated basis in accordance with Article 111 of Directive 2013/36/EU shall upon request provide in a timely manner and by electronic means the following authorities with all reporting submitted by the institution in accordance with the uniform reporting formats referred to in paragraph 3:
(a)
the competent authorities and the national central bank of the host Member States in which there are significant branches in accordance with Article 51 of Directive 2013/36/EU of the parent institution or institutions controlled by the same parent financial holding company;
(b)
the competent authorities that have authorised subsidiaries of the parent institution or institutions controlled by the same parent financial holding company and the central bank of the same Member State;
|
|
Airteagal 415 6.
|
Na húdaráis inniúla a thug údarú d'institiúid ar fochuideachta de mháthairinstitiúid nó de mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais í, déanfaidh siad gach tuairisc, arna iarraidh sin, atá curtha isteach ag an institiúid i gcomhréir leis na formáidí tuairiscithe aonfhoirmeacha dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt ar bhonn tráthúil agus trí mheán leictreonach do na húdaráis inniúla a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 111 de Threoir 2013/36/AE, do bhanc ceannais an Bhallstáit ina bhfuil an institiúid údaraithe agus do ÚBE.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|