+Airteagal 420 Eis-sreabha leachtachta
---+Airteagal 420 1.
---+Airteagal 420 2.

Airteagal 420 Eis-sreabha leachtachta

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 420 1.

Go dtí go ndéanfar sainiú ar cheanglas leachtachta i gcomhréir le hAirteagal 460, áireofar na nithe seo a leanas ar na heis-sreafaí leachtachta a thuairisceofar:

(a) 

an méid reatha gan íoc maidir le taiscí miondíola mar atá leagtha amach in Airteagal 421;

(b) 

na méideanna reatha gan íoc de dhliteanais eile a thiocfaidh chun bheith dlite, is féidir leis na hinstitiúidí eisiúna nó le soláthraí an chistithe glaoch lena n-íoc amach nó ina bhfuil ionchas intuigthe ag soláthraí an chistithe go n-aisíocfaidh an institiúid an dliteanas le linn an 30 lá dar gcionn mar atá leagtha amach in Airteagal 422;

(c) 

na heis-sreafaí breise dá dtagraítear in Airteagal 423;

(d) 

an t-uasmhéid is féidir a aistarraingt i rith an 30 lá dar gcionn as saoráidí tiomanta creidmheasa agus leachtachta neamhtharraingthe, de réir mar atá sé leagtha amach in Airteagal 424;

(e) 

na heis-sreafaí breise a sainaithníodh sa mheasúnú i gcomhréir le mír 2.

Airteagal 420 2.
Déanfaidh institiúidí measúnú rialta ar dhóchúlacht agus ar mhéid ionchasach n-eis-sreafaí leachtachta sa 30 lá dar gcionn chomh fada is a bhaineann sé le táirgí nó seirbhísí nach bhfuil gafa in Airteagal 422, Airteagal 423 agus Airteagal 424 agus atá tairgthe nó urraithe acu nó a mheasfadh ceannaitheoirí féideartha go raibh baint acu leo, lena n-áirítear eis-sreafaí leachtachta a eascróidh as aon chomhaontuithe conarthacha, amhail oibleagáidí eile lasmuigh den chlár comhardaithe agus oibleagáidí cistithe teagmhasacha, ach nach mbeidh siad teoranta dóibh sin amháin, agus lena n-áirítear saoráidí tiomanta cistiúcháin, iasachtaí neamhtharraingthe agus airleacain do chontrapháirtithe mórdhíola, morgáistí a comhaontaíodh ach nár tarraingíodh anuas go fóill, cártaí creidmheasa, rótharraingtí, eis-sreafaí beartaithe a bhaineann le hiasachtaí nua miondíola nó mórdhíola a athnuachan nó a fhadú, díorthaigh iníoctha beartaithe agus táirgí a bhaineann le creidmheas trádála lasmuigh den chlár comhardaithe, ach nach mbeidh siad teoranta dóibh sin amháin, de réir mar a thagraítear dóibh in Airteagal 429 agus in Iarscríbhinn 1. Déanfar measúnú ar na heis-sreafaí seo faoin toimhde a bhaineann le meascán de chás neamhghnách agus de chás struis ar fud an mhargaidh.

Chun an measúnú sin a dhéanamh, cuirfidh institiúidí san áireamh go háirithe damáistí ábhartha do chlú a d'fhéadfadh tarlú i ngeall ar thacaíocht leachtachta gan a bheith curtha ar fáil acu do tháirgí nó do sheirbhísí den sórt sin. Déanfaidh institiúidí na táirgí agus seirbhísí sin a bhfuil dóchúlacht agus méid ionchasach na n-eis-sreafaí leachtacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír ina leith ábhartha, déanfaidh siad a dtuairisciú do na húdaráis inniúla uair sa bhliain ar a laghad agus cinnfidh na húdaráis inniúla na heis-sreafaí a bheidh le sannadh. Féadfaidh na húdaráis inniúla ráta eis-sreafa 5 % a chur i bhfeidhm maidir le hearraí a bhaineann le creidmheas trádála lasmuigh den chlár comhardaithe, de réir mar a shainmhínítear é in Airteagal 429 agus in Iarscríbhinn 1.

Tabharfaidh na húdaráis inniúla tuairisc ar bhonn bliantúil ar a laghad doÚBE maidir leis na cineálacha táirgí nó seirbhísí a bhfuil eis-sreafaí cinntithe acu ina leith agus déanfar sin ar bhonn na dtuairiscí a gheofar ó institiúidí. Míneoidh siad freisin sna tuairiscí sin cén mhodheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm chun na heis-sreafaí a chinneadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas