|
+Airteagal 420 1. |
Airteagal 420 1.Go dtí go ndéanfar sainiú ar cheanglas leachtachta i gcomhréir le hAirteagal 460, áireofar na nithe seo a leanas ar na heis-sreafaí leachtachta a thuairisceofar:
(a)
an méid reatha gan íoc maidir le taiscí miondíola mar atá leagtha amach in Airteagal 421;
(b)
na méideanna reatha gan íoc de dhliteanais eile a thiocfaidh chun bheith dlite, is féidir leis na hinstitiúidí eisiúna nó le soláthraí an chistithe glaoch lena n-íoc amach nó ina bhfuil ionchas intuigthe ag soláthraí an chistithe go n-aisíocfaidh an institiúid an dliteanas le linn an 30 lá dar gcionn mar atá leagtha amach in Airteagal 422;
(c)
na heis-sreafaí breise dá dtagraítear in Airteagal 423;
(d)
an t-uasmhéid is féidir a aistarraingt i rith an 30 lá dar gcionn as saoráidí tiomanta creidmheasa agus leachtachta neamhtharraingthe, de réir mar atá sé leagtha amach in Airteagal 424;
(e)
na heis-sreafaí breise a sainaithníodh sa mheasúnú i gcomhréir le mír 2. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|