|
+Airteagal 428 1. |
Airteagal 428 1.Mura mbainfear iad ó chistí dílse, tabharfar tuairisc ar leithligh d'údaráis inniúla ar na hítimí seo a leanas d'fhonn deis a thabhairt measúnú a dhéanamh ar na riachtanais maidir le cistiú cobhsaí:
(a)
sócmhainní a cháileodh mar shócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416, arna miondealú de réir chineál na sócmhainne;
(b)
na hurrúis agus na hionstraimí margaidh airgid a leanas nach n-áirítear i bpointe (a);
(i)
sócmhainní a cháilíonn do chéim chreidmheasa 1 faoi Airteagal 122;
(ii)
sócmhainní a cháilíonn do chéim chreidmheasa 2 faoi Airteagal 122
(iii)
sócmhainní eile.
(c)
urrúis chothromais de chuid eintiteas neamhairgeadais atá liostaithe ar mhórinnéacs i malartán aitheanta;
(d)
urrúis chothromais eile;
(e)
ór;
(f)
miotail lómhara eile;
(g)
iasachtaí neamh-in-athnuaite agus earraí infhaighte, agus na hiasachtaí in-athnuaite agus infháltais arb iad a gcuid iasachtaithe ar leithligh:
(i)
daoine nádúrtha seachas dílseánaigh aonair thráchtála agus comhpháirtíochtaí;
(ii)
FBManna a cháilíonn d'aicme na ►C9 neamhchosaintí ◄ ar mhiondíol faoi na cineálacha cur chuige Caighdeánaithe nó IBR i gcomhair ►C9 riosca ◄ creidmheasa nó do chuideachta atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 153(4) agus i gcás gur lú ná EUR 1 milliún an taisce chomhiomlánaithe arna taisceadh ag an gcliant sin nó ag an ngrúpa cliant nasctha;
(iii)
stáit, bainc cheannais agus eintitis earnála poiblí;
(iv)
cliaint nach dtagraítear dóibh i bpointe (i) agus i bpointe (ii) seachas custaiméirí airgeadais;
(v)
cliaint nach dtagraítear dóibh i bpointe (i), i bpointe (ii) agus i bpointe (iii) ar custaiméirí airgeadais iad, agus iad siúd ar institiúidí creidmheasa agus custaiméirí eile airgeadais iad ar leithligh;
(h)
iasachtaí nach féidir a athnuachan agus earraí infhaighte dá dtagraítear i bpointe (g), ar leithligh iad siúd atá:
(i)
comhthaobhaithe le maoin tráchtála dhochorraithe (RT);
(ii)
comhthaobhaithe le maoin chónaithe (RC);
(iii)
maoinithe le cistiú meaitseála (faoi bhealach) trí bhannaí atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó (5) den Rialachán seo nó trí bhannaí faoi chumhdach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2019/2162;
(i)
earraí infhaighte díorthacha;
(j)
sócmhainní ar bith eile;
(k)
saoráidí creidmheasa neamhtharraingthe a cháilíonn mar ítimí bhuicéad 4bhuicéad 3 nó bhuicéad 2 faoi Iarscríbhinn I. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|