|
+Airteagal 428b 5. |
Airteagal 428b 5.Áiritheoidh institiúidí go bhfuil dáileadh a bpróifíl cistiúcháin, de réir ainmníocht airgeadra, comhsheasmhach i gcoitinne le dáileadh a gcuid sócmhainní de réir airgeadra. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar na hinstitiúidí srian a chur le neamhréireanna airgeadra trí theorainneacha a leagan síos maidir leis an gcion den chistiú cobhsaí ceangailteach in airgeadra faoi leith is féidir a chomhlíonadh le cistiú cobhsaí atá ar fáil nach bhfuil ainmnithe san airgeadra sin. Ní fhéadfar an srian sin a chur i bhfeidhm ach i gcás airgeadra atá faoi réir tuairisciú ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 415(2). Agus cinneadh á dhéanamh maidir le leibhéal aon sriain a fhéadfar a chur i bhfeidhm ar neamhréireanna airgeadra i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfaidh údaráis inniúla na nithe seo a leanas a mheas ar a laghad:
(a)
an bhfuil sé ar chumas na hinstitiúide cistiúchán cobhsaí atá ar fáil a aistriú ó airgeadra amháin go hairgeadra eile agus idir dlínsí éagsúla agus eintitis dhlíthiúla atá laistigh dá grúpa agus ar a cumas airgeadraí a bhabhtáil agus cistí a thiomsú ar mhargaí airgeadra eachtraigh thar thréimhse ionchasach bliana an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí;
(b)
tionchar athruithe díobhálacha sa ráta malairte ar shuíomhanna mí-oiriúnaithe atá ann cheana agus ar éifeachtacht fálaithe ar bith ar mhalairt airgeadra eachtraigh atá i bhfeidhm. Beidh aon srian ar neamhréireanna airgeadra a dhéanfar a fhorchur i gcomhréir leis an Airteagal seo ina ceanglas leachtachta sonrach dá dtagraítear in Airteagal 105 de Threoir 2013/36/AE. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|