+Airteagal 428b An cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí
---+Airteagal 428b 1.
---+Airteagal 428b 2.
---+Airteagal 428b 3.
---+Airteagal 428b 4.
---+Airteagal 428b 5.
|
Airteagal 428b An cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 428b 1.
|
Beidh an ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí a leagtar síos in Airteagal 413(1) cothrom le cóimheas cistiúcháin chobhsaí na hinstitiúide atá ar fáil dá dtagraítear i gCaibidil 3 le cistiúchán cobhsaí na hinstitiúide atá de dhíth dá dtagraítear i gCaibidil 4,agus déanfar é a shloinneadh mar chéatadán. Déanfaidh institiúidí a gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:
|
|
Airteagal 428b 2.
|
Coinneoidh institiúidí cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí de 100 % ar a laghad arna ríomh san airgeadra tuairiscithe i gcomhair a n-idirbheart uile, beag beann ar ainmníocht airgeadra iarbhír atá acu.
|
|
Airteagal 428b 3.
|
I gcás ina dtitfidh cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí institiúide faoi 100 % nó i gcás ina meastar go réasúnta go bhféadfaidh sé titim faoi 100 %, beidh feidhm ag an gceanglas a leagtar síos in Airteagal 414. Beidh sé mar aidhm ag an institiúid a cóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a thabhairt ar ais go dtí an leibhéal dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déanfaidh údaráis inniúla measúnú ar na cúiseanna le mainneachtain na hinstitiúide cloí le mír 2 den Airteagal seo sula ndéanfaidh siad aon bhearta maoirseachta.
|
|
Airteagal 428b 4.
|
Déanfaidh institiúidí a gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a ríomh agus déanfaidh siad faireachán air san airgeadra tuairiscithe i gcomhair a n-idirbheart uile, beag beann ar an ainmníocht airgeadra iarbhír atá acu, agus déanfaidh siad sin ar leithligh i gcomhair a n-idirbheart a ainmneofar i ngach ceann de na hairgeadraí atá faoi réir tuairisciú ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 415(2).
|
|
Airteagal 428b 5.
|
Áiritheoidh institiúidí go bhfuil dáileadh a bpróifíl cistiúcháin, de réir ainmníocht airgeadra, comhsheasmhach i gcoitinne le dáileadh a gcuid sócmhainní de réir airgeadra. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar na hinstitiúidí srian a chur le neamhréireanna airgeadra trí theorainneacha a leagan síos maidir leis an gcion den chistiú cobhsaí ceangailteach in airgeadra faoi leith is féidir a chomhlíonadh le cistiú cobhsaí atá ar fáil nach bhfuil ainmnithe san airgeadra sin. Ní fhéadfar an srian sin a chur i bhfeidhm ach i gcás airgeadra atá faoi réir tuairisciú ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 415(2). Agus cinneadh á dhéanamh maidir le leibhéal aon sriain a fhéadfar a chur i bhfeidhm ar neamhréireanna airgeadra i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfaidh údaráis inniúla na nithe seo a leanas a mheas ar a laghad:
(a)
an bhfuil sé ar chumas na hinstitiúide cistiúchán cobhsaí atá ar fáil a aistriú ó airgeadra amháin go hairgeadra eile agus idir dlínsí éagsúla agus eintitis dhlíthiúla atá laistigh dá grúpa agus ar a cumas airgeadraí a bhabhtáil agus cistí a thiomsú ar mhargaí airgeadra eachtraigh thar thréimhse ionchasach bliana an chóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí;
(b)
tionchar athruithe díobhálacha sa ráta malairte ar shuíomhanna mí-oiriúnaithe atá ann cheana agus ar éifeachtacht fálaithe ar bith ar mhalairt airgeadra eachtraigh atá i bhfeidhm.
Beidh aon srian ar neamhréireanna airgeadra a dhéanfar a fhorchur i gcomhréir leis an Airteagal seo ina ceanglas leachtachta sonrach dá dtagraítear in Airteagal 105 de Threoir 2013/36/AE.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|