+Airteagal 428r Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 0 %
---+Airteagal 428r 1.
---+Airteagal 428r 2.
|
Airteagal 428r Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 0 %
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 428r 1.
|
Beidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 0 %:
(a)
sócmhainní neamhualaithe is incháilithe mar shócmhainní leachtacha ardchaighdeáin leibhéal 1 de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), cé is moite de bhannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin a shonraítear sa ghníomh tarmligthe sin, bíodh na ceanglais oibriúcháin mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh;
(b)
scaireanna nó aonaid neamhualaithe i GCanna is incháilithe le haghaidh caolchorrlach 0 % chun an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht a ríomh de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh;
(c)
cúlchistí uile na hinstitiúide, arna sealbhú sa Bhanc Ceannais Eorpach nó i mbanc ceannais Ballstáit nó i mbanc ceannais tríú tír, lena n-áirítear cúlchistí cheangailteacha agus cúlchistí barrachais;
(d)
gach éileamh ar an mBanc Ceannais Eorpach, ar bhanc ceannais Ballstáit nó ar bhanc ceannais tríú tír ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí;
(e)
infháltais dátaí trádála a thagann as ionstraimí airgeadais, airgeadraí iasachta nó tráchtearraí a dhíol a mheastar go socróidh siad laistigh den timthriall socraíochta caighdeánach nó laistigh den tréimhse shocraíochta chaighdeánach is gnách don mhalartú ábhartha nó don chineál idirbhirt nó ar theip orthu socrú, ach a mheastar mar sin féin go socróidh siad;
(f)
sócmhainní atá rangaithe mar shócmhainní idirspleácha a bhfuil dliteanais acu i gcomhréir le hAirteagal 428f;
(g)
airgead atá dlite ó idirbhearta um maoiniú urrús le cliaint airgeadais i gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí ag na hidirbhearta sin, i gcás ina bhfuil an t-airgead dlite sin comhthaobhaithe le sócmhainní a cháilíonn mar shócmhainní leibhéal 1 de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), cé is moite de bhannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin a sainítear ann, agus i gcás ina mbeadh an teideal dlí agus an cumas oibríochtúil ag an institiúid na sócmhainní sin a athúsáid le linn shaolré an idirbhirt.
Cuirfidh institiúidí an t-airgead dlite dá dtagraítear i bpointe (g) den chéad fhomhír den mhír seo san áireamh ar bhonn glan i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 428e.
|
|
Airteagal 428r 2.
|
De mhaolú ar phointe (c) de mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla, le comhaontú an bhainc ceannais ábhartha, cinneadh a dhéanamh maidir le fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a chur i bhfeidhm ar chúlchistí atá de dhíth, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh a mhéid a bhíonn ceanglais chúlchistí ann thar tréimhse ionchasach bliana agus go mbíonn cistiú cobhsaí gaolmhar de dhíth orthu dá bharr. Maidir le fochuideachtaí a bhfuil a gceannoifig acu i dtríú tír, i gcás ina bhfuil na cúlchistí ceangailteacha bainc ceannais faoi réir fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh faoin gceanglas glanchistiúcháin chobhsaí arna leagan amach i ndlí náisiúnta an tríú tír sin, cuirfear an fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh sin san áireamh chun críche comhdhlúthúcháin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|