+Airteagal 428r 1.

Airteagal 428r 1.

Beidh na sócmhainní seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 0 %:

(a) 

sócmhainní neamhualaithe is incháilithe mar shócmhainní leachtacha ardchaighdeáin leibhéal 1 de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), cé is moite de bhannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin a shonraítear sa ghníomh tarmligthe sin, bíodh na ceanglais oibriúcháin mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh;

(b) 

scaireanna nó aonaid neamhualaithe i GCanna is incháilithe le haghaidh caolchorrlach 0 % chun an cóimheas cumhdaigh ar leachtacht a ríomh de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), bíodh na ceanglais oibriúcháin agus na ceanglais maidir le comhdhéanamh an mhaoláin leachtachta a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe sin á gcomhlíonadh acu nó ná bíodh;

(c) 

cúlchistí uile na hinstitiúide, arna sealbhú sa Bhanc Ceannais Eorpach nó i mbanc ceannais Ballstáit nó i mbanc ceannais tríú tír, lena n-áirítear cúlchistí cheangailteacha agus cúlchistí barrachais;

(d) 

gach éileamh ar an mBanc Ceannais Eorpach, ar bhanc ceannais Ballstáit nó ar bhanc ceannais tríú tír ag a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí;

(e) 

infháltais dátaí trádála a thagann as ionstraimí airgeadais, airgeadraí iasachta nó tráchtearraí a dhíol a mheastar go socróidh siad laistigh den timthriall socraíochta caighdeánach nó laistigh den tréimhse shocraíochta chaighdeánach is gnách don mhalartú ábhartha nó don chineál idirbhirt nó ar theip orthu socrú, ach a mheastar mar sin féin go socróidh siad;

(f) 

sócmhainní atá rangaithe mar shócmhainní idirspleácha a bhfuil dliteanais acu i gcomhréir le hAirteagal 428f;

(g) 

airgead atá dlite ó idirbhearta um maoiniú urrús le cliaint airgeadais i gcás ina bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná sé mhí ag na hidirbhearta sin, i gcás ina bhfuil an t-airgead dlite sin comhthaobhaithe le sócmhainní a cháilíonn mar shócmhainní leibhéal 1 de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), cé is moite de bhannaí faoi chumhdach fíor-ardchaighdeáin a sainítear ann, agus i gcás ina mbeadh an teideal dlí agus an cumas oibríochtúil ag an institiúid na sócmhainní sin a athúsáid le linn shaolré an idirbhirt.

Cuirfidh institiúidí an t-airgead dlite dá dtagraítear i bpointe (g) den chéad fhomhír den mhír seo san áireamh ar bhonn glan i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 428e.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas