+Airteagal 428am Fachtóir 50 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil

Airteagal 428am Fachtóir 50 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil

Airteagal 428am

Fachtóir 50 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil

Beidh na dliteanais seo a leanas faoi réir fachtóir 50 % den chistiú cobhsaí atá ar fáil:

(a) 

taiscí a fhaightear a chomhlíonann na critéir maidir le taiscí oibríochtúla a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1);

(b) 

dliteanais a bhfuil aibíocht iarmhair is lú ná bliain amháin acu arna gcur ar fáil acu seo a leanas:

(i) 

rialtas láir Ballstáit nó de thríú tír;

(ii) 

rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla i mBallstát nó i dtríú tír;

(iii) 

eintitis earnála poiblí Ballstáit nó de thríú tír;

(iv) 

na bainc forbartha iltaobhacha dá dtagraítear in Airteagal 117(2) agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 118;

(v) 

custaiméirí corparáideacha neamhairgeadais;

(vi) 

comhair chreidmheasa atá údaraithe ag údarás inniúil, cuideachtaí infheistíochta phearsanta agus cliaint ar bróicéirí taisce iad, cé is moite de na taiscí a fhaightear, a chomhlíonann na critéir maidir le taiscí oibríochtúla a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas