|
+Airteagal 428aq 7. |
Airteagal 428aq 7.I gcás oibríochtaí neamhchaighdeánacha sealadacha arna gcur i gcrích ag BCE nó ag banc ceannais Ballstáit nó ag banc ceannais tríú tír chun a shainordú a chomhlíonadh i dtréimhse struis airgeadais ar fud an mhargaidh nó i gcúinsí eisceachtúla maicreacnamaíocha, féadfaidh na sócmhainní seo a leanas fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá laghdaithe a fháil:
(a)
sócmhainní atá ualaithe do na hoibríochtaí dá dtagraítear san fhomhír seo, de mhaolú ar Airteagal 428aw agus ar phointe (a) d'Airteagal 428az(1);
(b)
airgead a thiocfaidh as na hoibríochtaí dá dtagraítear san fhomhír seo, de mhaolú ar Airteagal 428aw agus ar phointe (b) d'Airteagal 428ay. Cinnfidh na húdaráis inniúla, i gcomhaontú leis an mbanc ceannais arb é contrapháirtí an idirbhirt é, an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheidh le cur i bhfeidhm ar na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír. I gcás sócmhainní ualaithe dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, ní bheidh an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh, atá le cur i bhfeidhm, níos lú ná an fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a mbeadh feidhm aige, faoi Roinn 2, maidir leis na sócmhainní sin dá mbeidís á sealbhú go neamhualaithe. Agus fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá laghdaithe á chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an dara fomhír, déanfaidh na húdaráis inniúla faireachán géar ar an tionchar a bheidh ag an bhfachtóir laghdaithe sin ar shuíomhanna cistiúcháin chobhsaí de chuid institiúidí agus déanfaidh siad bearta maoirseachta iomchuí i gcás inar gá. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|