+Airteagal 429 5.

Airteagal 429 5.

De mhaolú ar phointe (d) de mhír 4, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

▼C7

(a) 

beidh ítim lasmuigh den chlár comhardaithe i gcomhréir le pointe (d) de mhír 4 a dhéantar a láimhseáil mar dhíorthach i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme, beidh sí faoi réir na láimhseála a leagtar amach i bpointe (b) den mhír sin;

▼M8

(b) 

i gcás ina ndéanfaidh cliant institiúide, ag gníomhú dó mar chomhalta imréitigh, idirbheart go díreach le contrapháirtí lárnach agus ina ráthóidh an institiúid feidhmíocht ►C12  neamhchosaintí ◄ trádála a cliaint ar an gcontrapháirtí lárnach a thagann as an idirbheart sin, ríomhfaidh an institiúid a ►C12  neamhchosaint ◄ ar toradh ar an ráthaíocht í i gcomhréir le pointe (b) de mhír 4, amhail agus go ndearna an institiúid an t-idirbheart go díreach leis an gcliant, lena n-áirítear maidir le corrlach athrúcháin in airgead tirim a fháil nó a sholáthar.

Beidh feidhm ag an láimhseáil a leagtar amach i bpointe (b) den chéad fhomhír maidir le hinstitiúid atá ag gníomhú mar chliant ardleibhéil a ráthaíonn feidhmíocht ►C12  neamhchosainti ◄ trádála a cliaint.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), agus chun críocha an dara fomhír den mhír seo, ní fhéadfaidh institiúidí a mheas gur cliant é eintiteas cleamhnaithe ach amháin i gcás ina bhfuil an t-eintiteas sin lasmuigh den scóip rialála maidir le comhdhlúthú ar an leibhéal ag a gcuirtear i bhfeidhm an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 92(4), pointe (e).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas