+Airteagal 429a 1.

Airteagal 429a 1.

De mhaolú ar Airteagal 429(4), féadfaidh institiúid aon cheann de na ►C12  neamhchosaintí ◄ seo a leanas a eisiamh óna tomhas ►C12  neamhchosainta ◄ iomlán:

(a) 

na méideanna a asbhaintear as ítimí de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 36(1);

(b) 

na sócmhainní a asbhaintear sa ríomh a dhéantar ar an tomhas caipitil dá dtagraítear in Airteagal 429(3);

(c) 

►C12  neamhchosainti ◄ dá sanntar ualú ►C12  riosca ◄ 0 % i gcomhréir le hAirteagal 113(6) nó (7);

▼M17

(ca) 

i gcás ina bhfuil an institiúid ina comhalta den líonra dá dtagraítear in Airteagal 113(7), na neamhchosaintí dá sanntar ualú riosca 0 % i gcomhréir le hAirteagal 114 agus a eascraíonn as sócmhainní arb ionann iad agus taiscí in airgeadra céanna na gcomhaltaí eile den líonra sin a eascraíonn as íostaisce dlíthiúil nó reachtúil i gcomhréir le hAirteagal 422(3), pointe (b); i gcás mar sin, níl neamhchosaintí comhaltaí eile den líonra sin atá ina n-íostaiscí dlíthiúla nó reachtúla faoi réir phointe (c) den mhír seo;

▼C7

(d) 

i gcás inar institiúid creidmheasa forbartha poiblí an institiúid, na ►C9  neamhchosaintí ◄ a thagann as na sócmhainní ar éilimh ar rialtais láir, ar rialtais réigiúnacha, ar údaráis áitiúla nó ar eintitis earnála poiblí iad i dtaobh infheistíochtaí san earnáil phoiblí, agus iasachtaí cur chun cinn;

▼M17

(da) 

neamhchosaintí na hinstitiúide ar a scairshealbhóirí, ar an gcoinníoll go bhfuil neamhchosaintí den sórt sin comhthaobhaithe de shócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 129(1), pointí (d) agus (e), go dtí an leibhéal 125 % ar a laghad, agus go gcuirtear na sócmhainní sin san áireamh i gceanglas cóimheasa luamhánaithe na scairshealbhóirí, i gcás nach institiúid creidmheasa forbartha poiblí í an institiúid ach go gcomhlíonann sí na coinníollacha a leanas:

(i) 

is institiúidí creidmheasa iad a scairshealbhóirí agus ní fheidhmíonn siad rialú ar an institiúid;

(ii) 

comhlíonann sí mír 2, pointí (a), (b), (c) agus (e),) den Airteagal seo;

(iii) 

tá a neamhchosaintí lonnaithe sa Bhallstát céanna;

(iv) 

tá sí faoi réir formhaoirseacht de chineál éigin ag rialtas láir Ballstáit ar bhonn leanúnach;

(v) 

tá a samhail ghnó teoranta do chur tríd an méid a chomhfhreagraíonn do na fáltais a chruinnítear trí bhannaí faoi chumhdach a eisiúint dá scairshealbhóirí, i bhfoirm ionstraimí fiachais;

▼M8

(e) 

i gcás nach institiúid creidmheasa forbartha poiblí an institiúid, na codanna sin de ►C12  neamhchosainti ◄ a thagann as iasachtaí cur chun cinn a aistriú chuig institiúidí creidmheasa eile;

(f) 

codanna ráthaithe de ►C12  neamhchosainti ◄ a thagann as chreidmheasanna onnmhairiúcháin a chomhlíonann an dá choinníoll seo a leanas araon:

(i) 

soláthraí incháilithe cosaint neamhchistithe chreidmheasa a sholáthraíonn an ráthaíocht i gcomhréir le hAirteagal 201 agus le hAirteagal 202, lena n-áirítear gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin nó rialtais láir;

(ii) 

baineann ualú ►C12  riosca ◄ 0 % leis an gcuid ráthaithe den ►C12  neamhchosaint ◄ i gcomhréir le hAirteagal 114(2) nó (4) nó Airteagal 116(4);

(g) 

i gcás inar comhalta imréitigh de chontrapháirtí lárnach cáilitheach an institiúid, ►C12  neamhchosainti ◄ trádála na hinstitiúide sin, ar choinníoll go ndéanfar iad a imréiteach leis an gcontrapháirtí lárnach cáilitheach sin agus go gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (c) d'Airteagal 306(1);

(h) 

i gcás inar cliant ardleibhéil laistigh de struchtúr cliant il-leibhéil an institiúid, na ►C12  neamhchosainti ◄ trádála ar an gcomhalta imréitigh nó ar eintiteas a fhónann mar chliant ardleibhéil don institiúid sin, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 305(2) agus ar choinníoll nach mbeidh sé d'oibleagáid ar an institiúid a cliant a aisíoc as aon chaillteanas a bhainfear dó i gcás mainneachtain ar thaobh an chomhalta imréitigh nó an chontrapháirtí lárnaigh cháilithigh;

(i) 

sócmhainní muiníneacha a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas uile:

(i) 

aithnítear iad ar chlár comhardaithe na hinstitiúide de réir na bprionsabal cuntasaíochta náisiúnta a bhfuil glacadh leo go ginearálta, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 86/635/CEE;

(ii) 

comhlíonann siad na critéir don neamhaitheantas a leagtar amach i gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) 9, mar a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1606/2002;

(iii) 

comhlíonann siad na critéir le haghaidh aithint a leagtar amach in IFRS 10, mar a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1606/2002, i gcás inarb infheidhme;

(j) 

►C12  neamhchosainti ◄ a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas uile:

(i) 

is ►C12  neamhchosainti ◄ ar eintiteas earnála poiblí iad;

(ii) 

déantar iad a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 116(4);

(iii) 

eascraíonn siad ó thaiscí a bhfuil sé d'oibleagáid ar an institiúid ó thaobh an dlí de a aistriú chuig an eintiteas earnála poiblí dá dtagraítear i bpointe (i) ar mhaithe le hinfheistíochtaí ar son an leasa choitinn a mhaoiniú;

(k) 

níor tugadh amach ar iasacht an chomhthaobhacht bharrachais a taisceadh le gníomhairí trípháirteacha;

(l) 

an tsócmhainn infhaighte, i gcás ina n-aithníonn institiúid faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme an corrlach athrúcháin a íoctar in airgead tirim lena contrapháirtí, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (e) d'Airteagal 429c(3);

(m) 

na ►C12  neamhchosainti ◄ urrúsaithe ó urrúsuithe traidisiúnta a chomhlíonann na coinníollacha maidir haistriú ►C12  riosca ◄ shuntasaigh a leagtar amach in Airteagal 244(2);

(n) 

▼M11

na risíochtaí seo a leanas ar bhanc ceannais na hinstitiúide, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i míreanna 5 agus 6:

▼M8

(i) 

boinn agus nótaí bainc ar airgeadra dlíthiúil iad i ndlínse an bhainc ceannais;

(ii) 

sócmhainní in ionannas le héilimh ar an mbanc ceannais, lena n-áirítear cúlchistí arna sealbhú ag an mbanc ceannais;

(o) 

i gcás ina n-údaraítear sin don institiúid i gcomhréir le hAirteagal 16 agus le pointe (a) d'Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ►C12  neamhchosaintí ◄ na hinstitiúide de dheasca seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a liostaítear i bpointe (a) de Roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin agus a bhfuil baint dhíreach acu leis na seirbhísí lárnacha nó leis na seirbhísí coimhdeacha a liostaítear i Roinn A agus i Roinn B den Iarscríbhinn sin;

(p) 

i gcás ina n-ainmnítear an institiúid i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ►C12  neamhchosainti ◄ na hinstitiúide de dheasca seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a liostaítear i bpointe (a) de Roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin agus a bhfuil baint dhíreach acu le seirbhísí lárnacha nó le seirbhísí coimhdeacha de chuid taisclann lárnach urrús, arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán sin, a liostaítear i Roinn A agus i Roinn B den Iarscríbhinn sin;

▼M15

(q) 

na risíochtaí atá faoi réir na láimhseála a leagtar amach in Airteagal 72e(5), an chéad fhomhír.

▼M8

Chun críocha phointe (m) den chéad fhomhír, déanfaidh institiúid aon ►C12  neamhchosaint ◄ choinnithe a áireamh sa tomhas ►C12  neamhchosainta ◄ .

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas