+Airteagal 429g Tomhas►C12neamhchosainta◄gnáthcheannach agus ar ghnáthdhíolachán atá le socrú a ríomh
---+Airteagal 429g 1.
---+Airteagal 429g 2.
---+Airteagal 429g 3.

Airteagal 429g Tomhas►C12neamhchosainta◄gnáthcheannach agus ar ghnáthdhíolachán atá le socrú a ríomh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 429g 1.
Láimhseoidh institiúidí airgead a bhaineann le gnáthcheannacháin agus sócmhainní airgeadais a bhaineann le gnáthdhíolacháin a fhanann ar an gclár comhardaithe go dtí an dáta socraíochta mar shócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 429(4), pointe (a).
Airteagal 429g 2.
Déanfaidh institiúidí, i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme, a chuireann cuntasaíocht dáta trádála i bhfeidhm maidir le gnáthcheannaigh agus gnáthdhíolacháin atá le socrú aon fhritháireamh a fhreaschur idir airgead infhála i leith gnáthdhíolacháin atá le socrú agus airgead iníoctha i leith gnáthcheannaigh atá le socrú a cheadaítear faoin gcreat sin. Tar éis institiúidí an fritháireamh cuntasaíochta a fhreaschur, féadfaidh siad an t-airgead infhála sin agus an t-airgead iníoctha sin araon a fhreaschur nuair a shocrófar na gnáthdhíolacháin agus na gnáthcheannaigh ábhartha ar bhonn seachadta in áit íocaíochta.
Airteagal 429g 3.
Áireoidh institiúidí, i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme, a chuireann cuntasaíocht dáta trádála i bhfeidhm maidir le gnáthcheannaigh agus gnáthdhíolacháin atá le socrú, luach ainmniúil iomlán na n-oibleagáidí atá le híoc agus a bhaineann le gnáthcheannaigh sa tomhas ►C12  neamhchosainta ◄ iomlán.

Féadfaidh institiúidí luach ainmniúil iomlán na n-oibleagáidí atá le híoc agus a bhaineann le gnáthcheannaigh a fhritháireamh le luach ainmniúil iomlán an airgid infhála a bhaineann le gnáthdhíolacháin atá le socrú ach amháin i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a) 

socraítear an gnáthcheannach agus an gnáthdhíolachán ar bhonn seachadta in áit íocaíochta;

(b) 

na sócmhainní airgeadais a ceannaíodh agus a díoladh a mbaineann airgead iníoctha agus airgead infhaighte leo, cuirtear luach cóir orthu trí bhrabús agus caillteanas agus áirítear i leabhar trádála na hinstitiúide iad.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas