+Airteagal 431 3.

Airteagal 431 3.

Glacfaidh comhlacht bainistíochta nó an bhainistíocht shinsearach beartais fhoirmiúla chun na ceanglais maidir le nochtadh a chomhlíonadh a leagtar síos sa Chuid seo agus próisis, córais agus rialuithe inmheánacha a chur i bhfeidhm agus a chothabháil chun a fhíorú gurb iomchuí nochtuithe na n-institiúidí agus go bhfuil siad ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Chuid seo. Deimhneoidh ar a laghad ball amháin den chomhlacht bainistíochta nó den bhainistíocht shinsearach i scríbhinn gur nocht an institiúid ábhartha na nochtaí a cheanglaítear faoin gCuid seo i gcomhréir leis na beartais fhoirmiúla agus leis na próisis, córais agus rialuithe inmheánacha. An deimhniú i scríbhinn agus príomhghnéithe bheartais fhoirmiúla na hinstitiúide chun na ceanglais maidir le nochtadh a chomhlíonadh, áireofar iad i nochtuithe na n-institiúidí.

Aon fhaisnéis is gá a nochtadh i gcomhréir leis an gCuid seo, beidh sí faoi réir an leibhéil chéanna fíoraithe inmheánaigh agus is infheidhme maidir leis an tuarascáil bhainistíochta a áirítear i dtuarascáil airgeadais na hinstitiúide.

Beidh beartais curtha i bhfeidhm ag institiúidí freisin chun a fhíorú go dtugann a nochtaí léargas cuimsitheach ar a bpróifíl ►C12  riosca ◄ do rannpháirtithe an mhargaidh. I gcás ina bhfuil institiúidí den tuairim nach dtugann na nochtaí sin léargas cuimsitheach ar a bpróifíl ►C12  riosca ◄ do rannpháirtithe an mhargaidh a cheanglaítear faoin gCuid seo, nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis don phobal de bhreis ar an bhfaisnéis sin a cheanglaítear a nochtadh. Mar sin féin, ní cheanglófar ar institiúidí ach faisnéis is ábhartha agus nach faisnéis dhílseánaigh nó rúnda í a nochtadh i gcomhréir le hAirteagal 432.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas