+Airteagal 431 Ceanglais agus beartais maidir le nochtadh
---+Airteagal 431 1.
---+Airteagal 431 2.
---+Airteagal 431 3.
---+Airteagal 431 4.
---+Airteagal 431 5.

Airteagal 431 Ceanglais agus beartais maidir le nochtadh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 431 1.
Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear i dTeidil II agus III don phobal i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sa Teideal seo, faoi réir na n-eisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 432.
Airteagal 431 2.
Na hinstitiúidí sin a dtugann na húdaráis inniúla cead dóibh faoi Chuid a Trí le haghaidh na n-ionstraimí agus na modheolaíochtaí dá dtagraítear i dTeideal III den Chuid seo, déanfaidh siad an fhaisnéis a leagtar síos ann a nochtadh don phobal.
Airteagal 431 3.
Glacfaidh comhlacht bainistíochta nó an bhainistíocht shinsearach beartais fhoirmiúla chun na ceanglais maidir le nochtadh a chomhlíonadh a leagtar síos sa Chuid seo agus próisis, córais agus rialuithe inmheánacha a chur i bhfeidhm agus a chothabháil chun a fhíorú gurb iomchuí nochtuithe na n-institiúidí agus go bhfuil siad ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Chuid seo. Deimhneoidh ar a laghad ball amháin den chomhlacht bainistíochta nó den bhainistíocht shinsearach i scríbhinn gur nocht an institiúid ábhartha na nochtaí a cheanglaítear faoin gCuid seo i gcomhréir leis na beartais fhoirmiúla agus leis na próisis, córais agus rialuithe inmheánacha. An deimhniú i scríbhinn agus príomhghnéithe bheartais fhoirmiúla na hinstitiúide chun na ceanglais maidir le nochtadh a chomhlíonadh, áireofar iad i nochtuithe na n-institiúidí.

Aon fhaisnéis is gá a nochtadh i gcomhréir leis an gCuid seo, beidh sí faoi réir an leibhéil chéanna fíoraithe inmheánaigh agus is infheidhme maidir leis an tuarascáil bhainistíochta a áirítear i dtuarascáil airgeadais na hinstitiúide.

Beidh beartais curtha i bhfeidhm ag institiúidí freisin chun a fhíorú go dtugann a nochtaí léargas cuimsitheach ar a bpróifíl ►C12  riosca ◄ do rannpháirtithe an mhargaidh. I gcás ina bhfuil institiúidí den tuairim nach dtugann na nochtaí sin léargas cuimsitheach ar a bpróifíl ►C12  riosca ◄ do rannpháirtithe an mhargaidh a cheanglaítear faoin gCuid seo, nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis don phobal de bhreis ar an bhfaisnéis sin a cheanglaítear a nochtadh. Mar sin féin, ní cheanglófar ar institiúidí ach faisnéis is ábhartha agus nach faisnéis dhílseánaigh nó rúnda í a nochtadh i gcomhréir le hAirteagal 432.

Airteagal 431 4.
Ag gabháil leis na nochtuithe cainníochtúla, beidh insint cháilíochtúil agus aon fhaisnéis fhorlíontach eile a d'fhéadfadh a bheith riachtanach chun go mbeidh úsáideoirí na faisnéise sin in ann na nochtuithe cainníochtúla a thuiscint, agus go háirithe aon athrú suntasach in aon nochtadh ar leith i gcomparáid leis an bhfaisnéis atá sna nochtuithe roimhe sin á lua.
Airteagal 431 5.
Tabharfaidh institiúidí, má iarrtar sin orthu, míniú ar a gcinntí rátála do FBManna agus d'iarratasóirí corparáideacha eile ar iasachtaí, agus tabharfaidh siad míniú i scríbhinn nuair a iarrfar sin orthu. Beidh costais riaracháin an mhínithe comhréireach le méid na hiasachta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas