+Airteagal 472 Ítimí nach n-asbhaintear ó Ghnáthchothromas Leibhéal 1
---+Airteagal 472 1.
---+Airteagal 472 2.
---+Airteagal 472 3.
---+Airteagal 472 4.
---+Airteagal 472 5.
---+Airteagal 472 6.
---+Airteagal 472 7.
---+Airteagal 472 8.
---+Airteagal 472 9.
---+Airteagal 472 10.
---+Airteagal 472 11.

Airteagal 472 Ítimí nach n-asbhaintear ó Ghnáthchothromas Leibhéal 1

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 472 1.
De mhaolú ar phointe (c) d'Airteagal 33(1) agus ar phointe (a) go (i) d'Airteagal 36(1), i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2017, cuirfidh institiúidí an tAirteagal seo i bhfeidhm maidir leis na méideanna iarmharacha d'ítimí dá dtagraítear in Airteagal 468(4) agus i bpointe (b) agus i bpointe (d) d'Airteagal 469(1), de réir mar is infheidhme.
Airteagal 472 2.
Ní asbhaintear an méid iarmharach de na coigeartuithe luachála ar dhliteanais díorthach a eascraíonn as ►C9  riosca ◄ creidmheasa na hinstitiúide féin.
Airteagal 472 3.

Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir leis an méid iarmharach de chaillteanais na bliana airgeadais reatha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 36(1):

(a) 

asbhaintear caillteanais ábhartha ó ítimí Leibhéal 1;

(b) 

ní asbhaintear caillteanais nach bhfuil ábhartha.

Airteagal 472 4.
Asbhainfidh institiúidí an méid iarmharach de na sócmhainní doláimhsithe dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 36(1) ó ítimí Leibhéal 1.
Airteagal 472 5.
Ní asbhainfear an méid iarmharach de na sócmhainní cánach iarchurtha dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 36(1) agus beidh sé faoi réir ag ►C9  ualach riosca ◄ 0 %.
Airteagal 472 6.
Asbhainfear leath den mhéid iarmharach de na hítimí dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 36(1) ó ítimí Leibhéal 1 agus na leath eile ó ítimí Leibhéal 2.
Airteagal 472 7.
Ní dhéanfar méid iarmharach na sócmhainní i gciste pinsean le sochar sainithe dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 36(1) a asbhaint ó aon eilimint de chistí dílse, agus áireofar iad in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a mhéid a aithneofaí an méid sin mar chistí dílse bunaidh i gcomhréir leis na bearta náisiúnta trasuímh faoi phointí (a) go (ca) d'Airteagal 57 de Threoir 2006/48/CE.
Airteagal 472 8.

Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le méid iarmharach na sealúchas d'ionstraimí dílse de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 36(1):

(a) 

asbhaintear méid na sealúchas díreach ó ítimí Leibhéal 1;

(b) 

maidir le méid na sealúchas indíreach agus sintéiseach, lena n-áirítear ionstraimí dílse de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a bhféadfadh ceangal a bheith ar institiúid iad a cheannach de bhua oibleagáide conarthaí atá ann cheana nó oibleagáide teagmhasaí, ní asbhainfear é agus beidh sé faoi réir ag ►C9  ualach riosca ◄ i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

Airteagal 472 9.

Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir le méid iarmharach na sealúchas d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 d'eintiteas earnála airgeadas i gcás ina bhfuil tras-sealúchais chómhalartacha ag an institiúid leis an eintiteas sin dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 36(1):

(a) 

i gcás nach bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid san eintiteas earnála airgeadais sin, láimhseáiltear méid a sealúchais d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an eintitis sin amhail is dá dtiocfaidís faoi phointe (h) d'Airteagal 36(1);

(b) 

i gcás ina bhfuil infheistíocht shuntasach ag institiúid san eintiteas earnála airgeadais sin, láimhseáiltear méid a sealúchais d'ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an eintitis sin amhail is dá dtiocfaidís faoi phointe (i) d'Airteagal 36(1).

Airteagal 472 10.

Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir leis na méideanna iarmharacha d'ítimí dá dtagraítear i bpointe (h) d'Airteagal 36(1):

(a) 

déantar leath de na méideanna is gá a asbhaint a bhaineann le sealúchais dhíreacha a asbhaint ó ítimí Leibhéal 1 agus an leath eile ó ítimí Leibhéal 2;

(b) 

ní dhéantar na méideanna a bhaineann le sealúchais indíreacha agus sintéiseacha a asbhaint agus tá siad faoi réir ag ualuithe ►C9  riosca ◄ i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus faoi réir ag na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme;

Airteagal 472 11.

Cuirfidh institiúidí na nithe seo a leanas i bhfeidhm maidir leis na méideanna iarmharacha de na hítimí dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 36(1):

(a) 

déantar leath de na méideanna is gá a asbhaint a bhaineann le sealúchais dhíreacha a asbhaint ó ítimí Leibhéal 1 agus an leath eile ó ítimí Leibhéal 2;

(b) 

ní dhéantar na méideanna a bhaineann le sealúchais indíreacha agus sintéiseacha a asbhaint agus tá siad faoi réir ag ualuithe ►C9  riosca ◄ i gcomhréir le Caibidil 2 nó Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí agus faoi réir ag na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV de Chuid a Trí, de réir mar is infheidhme.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas