|
+Airteagal 495b 4. |
Airteagal 495b 4.Ullmhóidh ÚBE tuarascáil ina ndéanfar anailís ar an méid seo a leanas:
(a)
éabhlóid na dtreochtaí agus na ndálaí i margaí le haghaidh maoiniú réada san Aontas;
(b)
riosca éifeachtach na neamhchosaintí um maoiniú réada le linn timthriall eacnamaíoch iomlán;
(c)
tionchar na láimhseála a leagtar amach in Airteagal 122a(3), pointe (a), ar cheanglais cistí dílse maidir le neamhchosaintí um maoiniú réada, gan Airteagal 465(1) a chur san áireamh;
(d)
oiriúnacht an tsainmhínithe ar an bhfo-aicme “maoiniú réada ardchaighdeáin” agus láimhseáil stuamachta éagsúil a shannadh don fho-aicme sin de neamhchosaintí. Cuirfidh ÚBE an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2030. Ar bhonn na tuarascála sin, agus aird chuí aige ar na caighdeáin ábhartha a d’fhorbair CBMB arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2031. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|