+Airteagal 497 Ceanglais cistí dílse do►C12neamhchosainti◄ar Chontrapháirtithe Lárnacha
---+Airteagal 497 1.
---+Airteagal 497 2.
---+Airteagal 497 3.
|
Airteagal 497 Ceanglais cistí dílse do►C12neamhchosainti◄ar Chontrapháirtithe Lárnacha
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 497 1.
|
I gcás ina n-iarrann contrapháirtí lárnach tríú tír aitheantas i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, féadfaidh institiúidí an contrapháirtí lárnach sin a mheas mar chontrapháirtí lárnach cáilitheach ón dáta ar chuir sé isteach an t-iarratas ar aitheantas chuig ESMA agus go dtí ceann de na dátaí seo a leanas:
(a)
i gcás ina bhfuil gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 25(6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 glactha cheana ag an gCoimisiún i dtaca leis an tríú tír ina bhfuil an contrapháirtí bunaithe agus ina bhfuil an gníomh cur chun feidhme tar éis teacht i bhfeidhm, dhá bhliain tar éis chur isteach an iarratais;
(b)
i gcás nach bhfuil gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 25(6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 glactha cheana ag an gCoimisiún i dtaca leis an tríú tír ina bhfuil an contrapháirtí bunaithe agus nach bhfuil an gníomh cur chun feidhme tagtha i bhfeidhm go fóill, an dáta is luaithe de na dátaí seo a leanas:
(i)
dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme;
(ii)
i gcás contrapháirtithe lárnacha a thíolacfaidh an t-iarratas tar éis an 27 Meitheamh 2019, dhá bhliain tar éis an dáta a dtíolacfar an t-iarratas;
(iii)
i gcás na gcontrapháirtithe lárnacha sin a thíolacfaidh an t-iarratas roimh an 27 Meitheamh 2019, 28 Meitheamh 2021.
|
|
Airteagal 497 2.
|
Go dtí dul in éag na spriocdhátaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás nach bhfuil ciste mainneachtana i bhfeidhm ag contrapháirtí lárnach agus nach bhfuil socrú ceangailteach aici lena chomhaltaí imréitigh lena gceadaítear dó an corrlach tosaigh uile nó chuid de a fhaightear óna chomhaltaí imréitigh a úsáid mar a bheidís ina ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe, cuirfidh institiúid an fhoirmle seo a leanas in ionad an fhoirmle cheart chun an ceanglas cistí dílse in Airteagal 308(2) a ríomh:
nuair atá:
|
|
=
|
an ceanglas cistí dílse;
|
|
KCCP
|
=
|
caipiteal hipitéiseach an contrapháirtí lárnaigh cháilithigh a chuir an contrapháirtí lárnach cáilitheach in iúl don institiúid i gcomhréir le hAirteagal 50c de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
DFCCP
|
=
|
acmhainní airgeadais réamh-mhaoinithe an contrapháirtí lárnaigh a chuir an contrapháirtí lárnach in iúl don institiúid i gcomhréir le hAirteagal 50c de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
i
|
=
|
an t-innéacs lena gcuirtear an comhalta imréitigh in iúl;
|
|
IMi
|
=
|
an corrlach tosaigh arna bhreacadh i dteannta leis an gcontrapháirtí lárnach ag comhalta imréitigh i; agus
|
|
IM
|
=
|
méid iomlán an chorrlaigh tosaigh a chuireann an contrapháirtí lárnach cáilitheach in iúl don institiúid i gcomhréir le hAirteagal 89(5a) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
|
|
|
Airteagal 497 3.
|
I gcásanna eisceachtúla, i gcás ina mbeidh sé riachtanach agus comhréireach chun saobhadh sna margaí airgeadais idirnáisiúnta a sheachaint, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 464(2), cinneadh a ghlacadh síneadh 12 mhí a chur, uair amháin, leis na forálacha idirthréimhseacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|