+Airteagal 497 1.

Airteagal 497 1.

I gcás ina n-iarrann contrapháirtí lárnach tríú tír aitheantas i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, féadfaidh institiúidí an contrapháirtí lárnach sin a mheas mar chontrapháirtí lárnach cáilitheach ón dáta ar chuir sé isteach an t-iarratas ar aitheantas chuig ESMA agus go dtí ceann de na dátaí seo a leanas:

(a) 

i gcás ina bhfuil gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 25(6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 glactha cheana ag an gCoimisiún i dtaca leis an tríú tír ina bhfuil an contrapháirtí bunaithe agus ina bhfuil an gníomh cur chun feidhme tar éis teacht i bhfeidhm, dhá bhliain tar éis chur isteach an iarratais;

(b) 

i gcás nach bhfuil gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 25(6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 glactha cheana ag an gCoimisiún i dtaca leis an tríú tír ina bhfuil an contrapháirtí bunaithe agus nach bhfuil an gníomh cur chun feidhme tagtha i bhfeidhm go fóill, an dáta is luaithe de na dátaí seo a leanas:

(i) 

dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme;

(ii) 

i gcás contrapháirtithe lárnacha a thíolacfaidh an t-iarratas tar éis an 27 Meitheamh 2019, dhá bhliain tar éis an dáta a dtíolacfar an t-iarratas;

(iii) 

i gcás na gcontrapháirtithe lárnacha sin a thíolacfaidh an t-iarratas roimh an 27 Meitheamh 2019, 28 Meitheamh 2021.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas