+Airteagal 506d Láimhseáil stuamachta urrúsúcháin
---+Airteagal 506d 1.
---+Airteagal 506d 2.
---+Airteagal 506d 3.

Airteagal 506d Láimhseáil stuamachta urrúsúcháin

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 506d 1.
Faoin 31 Nollaig 2026, tuairisceoidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEUM, don Choimisiún maidir le láimhseáil stuamachta na n-idirbheart urrúsúcháin, agus idirdhealú á dhéanamh idir cineálacha éagsúla urrúsúcháin, lena n-áirítear urrúsúcháin shintéiseacha, idir tionscnóirí agus infheisteoirí, agus idir idirbhearta STC agus idirbhearta nach idirbhearta STC iad.
Airteagal 506d 2.
Go háirithe, déanfaidh ÚBE faireachán ar úsáid an tsocraithe idirthréimhsigh dá dtagraítear in Airteagal 465(13) agus measfaidh sé méid an tionchair a bheadh ag cur i bhfeidhm an íosráta aschuir maidir le neamhchosaintí urrúsúcháin ar an laghdú caipitil arna fháil ag institiúidí tionscnóra in idirbhearta ar aithníodh aistriú suntasach riosca ina leith, an ndéanfadh an cur i bhfeidhm sin laghdú iomarcach ar an íogaireacht riosca agus an mbeadh tionchar aige ar inmharthanacht eacnamaíoch idirbheart urrúsúcháin nua. Sna cásanna sin ina laghdófar íogaireachtaí riosca, féadfaidh ÚBE machnamh a dhéanamh ar athchalabrú anuas a mholadh maidir leis na fachtóirí nach fachtóirí neodrachta iad le haghaidh idirbhearta ar aithníodh aistriú suntasach riosca ina leith. Déanfaidh ÚBE measúnú freisin ar oiriúnacht na bhfachtóirí nach fachtóirí neodrachta iad faoi SEC-SA agus SEC-IRBA araon, agus feidhmíocht stairiúil chreidmheasa na n-idirbheart urrúsúcháin san Aontas agus rioscaí laghdaithe samhla agus gníomhaireachta an chreata urrúsúcháin á gcur san áireamh.
Airteagal 506d 3.
Ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 1 agus na caighdeáin ghaolmhara arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta agus arna bhforbairt ag CBMB á gcur san áireamh, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2027.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas