+74. Ba cheart don mhaoirseoir stuamachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar shocruithe …
|
74. Ba cheart don mhaoirseoir stuamachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar shocruithe …
Ba cheart don mhaoirseoir stuamachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar shocruithe seachfhoinsithe institiúidí mar a shainmhínítear iad i dTreoirlínte ÚBE maidir le socruithe seachfhoinsithe12 faisnéis a bhaineann le socruithe seachfhoinsithe ábhartha a mhalartú leis an maoirseoir ábhartha AML/CFT. Ba cheart an malartú sin a dhéanamh go háirithe i gcásanna ina bhfuil forais réasúnacha ag an maoirseoir stuamachta a bheith in amhras go bhféadfadh na socruithe seachfhoinsithe tionchar a imirt ar neamhchosaint riosca ML/TF na hinstitiúide nó ar a comhlíonadh leanúnach i ndáil lena hoibleagáidí faoi Threoir 2013/36/AE agus faoi Threoir (AE) 2015/849, lena n-áirítear sna cásanna seo a leanas: - a. tá imní ann faoi na socruithe cuí maoirseachta agus rialachais maidir leis an bhfeidhm seachfhoinsithe agus an tionchar ar na rioscaí ML/TF atá os comhair na hinstitiúide, rochtain ar shonraí custaiméirí, iontaofacht taifead, nó leithdháileadh cúraimí idir an institiúid agus an soláthraí seirbhíse, go háirithe nuair nach eintiteas faoi oibleagáid é an soláthraí faoi Threoir (AE) 2015/849;
- b. tá feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha á seachfhoinsiú ag an institiúid dá dtagraítear dóibh i roinn 4 de Threoirlínte ÚBE maidir le socruithe seachfhoinsithe a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chórais inmheánacha agus do chreat rialaithe na hinstitiúide maidir le rioscaí ML/TF, nó más rud é, i gcás mainneachtain i ndáileadh seirbhíse de chuid an tsoláthraí seirbhíse (nó a sholáthraí/soláthraí i gcás fo-sheachfhoinsithe), go mainníonn an institiúid a hoibleagáidí AML/CFT a chomhlíonadh dá bharr.
Maoirseoirí AML/CFT
12 Treoirlínte ÚBE maidir le socruithe seachfhoinsithe (EBA/GL/2019/02).
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|