+328. Nuair a bheidh an measúnú ar riosca leachtachta á dhéanamh, ba cheart d'údaráis inniúla …

328. Nuair a bheidh an measúnú ar riosca leachtachta á dhéanamh, ba cheart d'údaráis inniúla …

Nuair a bheidh an measúnú ar riosca leachtachta á dhéanamh, ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar na foinsí faisnéise seo a leanas ar fad, más cuí:

  • a. torthaí ón anailís a rinneadh ar sheirbhísí agus gníomhaíochtaí curtha ar fáil ag an ngnólacht infheistíochta agus eolas ón bhfaireachán a rinneadh ar phríomhtháscairí go háirithe sa chás go bhféadfaidís cabhrú le teacht ar thuiscint ar na príomhfhoinsí riosca leachtachta;
  • b. tuairisciú maoirseachta, agus go háirithe an fhaisnéis a chuir an gnólacht infheistíochta ar fáil ina tuairisciú de bhua Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033;

98

  • c. aon tuarascáil thréimhsiúil, tuarascáil chainníochtúil, tuairisc ar ráiteas airgeadais, tuarascálacha inmheánacha de chuid an ghnólachta infheistíochta cosúil le tuarascálacha bainistíochta maidir le leachtacht agus aon fhaisnéis iarrtha ón gcomhlacht infheistíochta ag an údarás inniúil;
  • d. aon fhaisnéis ón máthairghnólacht infheistíochta más fochuideachta é an gnólacht infheistíochta agus má tá sé san áireamh sa mhaoirseacht ar bhonn comhdhlúite, agus go háirithe faisnéise maidir le riosca leachtachta gnólachtaí infheistíochta atá páirteach i ngrúpa baincéireachta;
  • e. torthaí ó aon ghníomhaíochtaí maoirseachta;
  • f. aon fhaisnéis ó ILAAP an ghnólachta infheistíochta;
  • g. torthaí agus barúlacha ó thuarascálacha iniúchta inmheánaigh nó sheachtraigh;
  • h. moltaí agus treoirlínte arna n-eisiúint ag an ÚBE nó ESMA mar aon le rabhaidh agus moltaí arna n-eisiúint ag údaráis macrastuamachta nó ag an BERS; agus
  • i. riosca sainaitheanta i ngnólachtaí infheistíochta eile a bhfuil úsáid á baint acu as samhail ghnó chosúil.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/