+40. I bhfianaise socruithe rialachais inmheánacha de bhua Airteagal 74 agus Airteagal 88 de Threoir …

40. I bhfianaise socruithe rialachais inmheánacha de bhua Airteagal 74 agus Airteagal 88 de Threoir …

I bhfianaise socruithe rialachais inmheánacha de bhua Airteagal 74 agus Airteagal 88 de Threoir 2013/36/AE, ba cheart d'institiúidí, i ndáil le IRRBB, an méid seo a leanas a áirithiú:

  • (a) Gur ar a gcomhlacht bainistíochta atá an fhreagracht iomlán as maoirseacht chreat bainistíochta IRRBB, creat inghlacthachta riosca na hinstitiúide agus méideanna, cineálacha agus dáileadh an chaipitil inmheánaigh chun na rioscaí a chlúdach go cuí. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta cinneadh a dhéanamh maidir le straitéis fhoriomlán IRRBB na hinstitiúide agus na beartais agus na próisis chomhfhreagracha a fhormheas. Féadfaidh an comhlacht bainistíochta, áfach, faireachán agus bainistíochta IRRBB a tharmligean chuig an bhfoireann bhainistíochta shinsearach, saineolaithe aonair nó coiste bainistíochta sócmhainní agus dliteanas faoi choinníollacha atá sonraithe tuilleadh i mír 42.
  • (b) Tá creat bainistíochta IRRBB bunaithe acu ina mbunaítear línte soiléire freagrachtaí agus ina gcuimsítear córas teorainneacha, beartais, próisis agus rialuithe inmheánacha lena n-áirítear athbhreithnithe agus meastóireachtaí neamhspleácha rialta ar éifeachtacht an chreata.
  • (c) Tá na socruithe, próisis agus sásraí dá dtagraítear dóibh don mheasúnú ar IRRBB cuimsitheach agus i gcomhréir le cineál, scála agus castacht na rioscaí bunúsacha a bhaineann leis an tsamhail ghnó agus le gníomhaíochtaí na hinstitiúide.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/