+4.2 Sainaithint agus bainistiú IRRBB
---+19. Ba cheart d'institiúidí breithniú a dhéanamh ar gach ionstraim atá íogair do ráta úis sa …
---+20. Ba cheart d'institiúidí breithniú a dhéanamh ar neamhchosaintí neamhthuillmheacha (glan ó …
---+21. Gan dochar do mhír 10, cuirfear san áireamh gnóthaí beaga a bhaineann leis an leabhar trádála …
---+22. Nuair a bhíonn meastóireacht á déanamh ar mhéideanna, cineálacha agus dáileadh caipiteal …
---+23. Ba cheart d'institiúidí a léiriú go bhfuil a gcaipiteal inmheánach i gcomhréir leis an leibhéal …
---+24. Ina n-anailís ICAAP ar an méid caipitil inmheánaigh a theastaíonn le haghaidh IRRBB, ba cheart …
---+25. Níor cheart go mbeadh institiúidí ag brath díreach ar na measúnuithe maoirseachta ar …
---+26. Ba cheart go n-áireofaí an méid seo a leanas i measúnuithe ar leordhóthanacht caipitil do …
---+27. Ba cheart torthaí leordhóthanacht chaipitil do IRRBB a bhreithniú in ICAAP institiúide agus go …
---+28. Chun an méid caipitil inmheánaigh atá le sealbhú le haghaidh IRRBB a chalabrú, ba cheart …
---+29. Ba cheart d'institiúidí a bhfuil samhlacha caipitil inmheánacha in úsáid acu a áirithiú go …
---+30. Nuair a bhíonn breithniú á dhéanamh ar cibé acu ar cheart nó nár cheart caipiteal inmheánach a …
---+31. Ba cheart d'institiúidí breithniú a dhéanamh ar an maolán caipitil inmheánaigh a choigeartú sa …
---+32. Ba cheart straitéis IRRBB na hinstitiúide, lena n-áirítear an inghlacthacht riosca le haghaidh …
---+33. Ba cheart inghlacthacht riosca na hinstitiúide do IRRBB a léiriú i dteorainneacha bunaithe ar …
---+34. Chomh maith leis sin, ba cheart go n-áireofaí i straitéis fhoriomlán IRRBB an cinneadh maidir …
---+35. Ba cheart d'institiúidí measúnú cuí a dhéanamh ar thograí chun táirgí nua a úsáid nó páirt a …
---+36. Ba cheart go mbeadh an t-eolas agus an saineolas cuí ag institiúidí a bhfuil ionstraimí …
---+37. Ba cheart go mbeadh an t-eolas agus an saineolas riachtanach ag institiúidí a bhfuil samhlacha …
---+38. Nuair a bhíonn cinntí á ndéanamh maidir le gníomhaíochtaí fálaithe, ba cheart go mbeadh …
---+39. Ba cheart d'institiúidí comhdhlúthacháin a áirithiú go bhfuil socruithe agus próisis rialachais …
---+40. I bhfianaise socruithe rialachais inmheánacha de bhua Airteagal 74 agus Airteagal 88 de Threoir …
---+41. Ba cheart go mbeadh an comhlacht bainistíochta freagrach as an méid seo a leanas go háirithe …
---+42. Ba cheart go mbeadh socruithe agus nósanna imeachta tarmligin bunaithe ag institiúidí ionas gur …
---+43. Ba cheart d'institiúidí a n-inghlacthacht riosca le haghaidh IRRBB a shoiléiriú i dtéarnaí an …
---+44. Ba cheart d'institiúidí teorainneacha a chur chun feidhme atá dírithe ar neamhchosaintí ar …
---+45. Ba cheart creat a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt na straitéisí fálaithe a …
---+Beartais agus próisis riosca
------+46. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta, bunaithe ar a straitéis fhoriomlán IRRBB, glacadh le …
------+47. Ba cheart go mbeadh na beartais seo ciallmhar, stuama agus doiciméadaithe agus ba cheart go …
------+48. Ba cheart gach beartas IRRBB a athbhreithniú go rialta, gach bliain ar a laghad, agus iad a …
------+49. D'fhonn a áirithiú go bhfuil beartais agus nósanna imeachta bainistíochta institiúide IRRBB …
------+50. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta nó dá thoscairí a áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí …
---+Rialuithe inmheánacha
------+51. Chomh fada is a bhaineann le beartais agus nósanna imeachta rialaithe IRRBB, ba cheart go …
------+52. Ba cheart d'institiúidí athbhreithnithe agus meastóireachtaí rialta a dhéanamh ar a gcuid córas …
------+53. Ba cheart d'institiúidí a áirithiú go bhfuil á bpróisis aitheantais, tomhais, faireacháin agus …
---+Córas TF agus cáilíocht sonraí IRRBB
------+54. Ba cheart go mbeadh na córais TF agus na feidhmchláir atá in úsáid ag an institiúid chun …
------+55. Ba cheart go mbeadh an córas TF agus idirbhirt in ann an phróifíl athphraghsála, saintréithe an …
------+56. Chomh fada is a bhaineann le táirgí casta, struchtúrtha go háirithe, ba cheart go mbeadh an …
------+57. Ba cheart go mbeadh rialuithe eagraíochtúla oiriúnacha chórais TF bunaithe d'fhonn a áirithiú …
------+58. Ba cheart go mbeadh bearta riosca bunaithe ar shonraí margaidh agus inmheánacha iontaofa. Ba …
------+59. D'fhonn caighdeán ard sonraí a áirithiú, ba cheart d'institiúidí próisis oiriúnacha a chur chun …
------+60. Sa chás go bhfuil institiúidí ag déileáil le sreafaí airgid in eatraimh ama dhifriúla (e.g., le …
------+61. Ba cheart d'institiúidí cúiseanna poitéinsiúla le haghaidh neamhréireanna agus neamhrialtachtaí …
------+62. Ba cheart d'institiúidí próisis oiriúnacha a bhunú d'fhonn a áirithiú go bhfuil na sonraí a …
---+Tuairisciú inmheánach
------+63. Ba cheart do chórais inmheánacha tuairisciú ar rioscaí institiúidí eolas tráthúil, beacht agus …
------+64. Ba cheart na tuarascálacha inmheánacha a chur ar fáil don chomhlacht bainistíochta nó dá …
------+65. Ba cheart go mbeadh eolas comhiomlán le fáil i dtuarascálacha IRRBB mar aon le dóthain sonraí …
------+66. Ba cheart go n-áireofaí i dtuarascálacha IRRBB, go rialta, torthaí na n-athbhreithnithe agus na …
------+67. Ainneoin go mbeidh na cineálacha tuarascálacha atá ullmhaithe don chomhlacht bainistíochta nó …
------+68. Bunaithe ar na tuarascálacha seo, ba cheart go mbeadh an comhlacht bainistíochta nó a thoscairí …
------+69. Ba cheart go gcruthódh an córas tomhais inmheánach tuarascálacha i bhformáid a chuireann ar …
---+Rialachas samhla
------+70. Ba cheart d'institiúidí a áirithiú go bhfuil bailíochtú mhodhanna tomhais IRRBB — ar cheart iad …
------+71. D'fhéadfaí na cúig bhunghné seo a leanas a áireamh sa chreat bailíochtaithe: (a) meastóireacht …
------+72. Nuair a bhíothas ag déileáil leis na gníomhaíochtaí bailíochtaithe tosaigh agus leanúnacha …
------+73. Ba cheart do bhainistíocht riosca na samhla do bhearta IRRBB cloí le cur chuige iomlánaíoch a …
------+74. Ba cheart an t-athbhreithniú agus na torthaí bailíochtaithe agus aon mholtaí maidir le húsáid …
------+75. Ba cheart don phróiseas athbhreithnithe leanúnach tacar de theagmhais spreagtha eisceachta a …
------+76. Bunaithe ar bhreathnóireachtaí agus ar eolas nua bailithe le himeacht ama, féadfar samhail …
------+77. Féadfaidh institiúidí brath ar shamhlacha IRRBB tríú páirtí chun IRRBB a bhainistiú agus a …
------+78. Ba cheart ionchur nó toimhdí samhla, ag eascairt as próisis samhla inmheánacha nó tríú …
|
4.2 Sainaithint agus bainistiú IRRBB
4.2.1 Teorainn IRRBB
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
19. Ba cheart d'institiúidí breithniú a dhéanamh ar gach ionstraim atá íogair do ráta úis sa …
|
Ba cheart d'institiúidí breithniú a dhéanamh ar gach ionstraim atá íogair do ráta úis sa leabhar baincéireachta i gcomhthéacs mheasúnú agus bhainistiú neamhchosaintí ar IRRBB, lena n-áirítear sócmhainní, dliteanais, díorthaigh ráta úis, díorthaigh ráta neamh-úis a thagraíonn do ráta úis agus míreanna eile lasmuigh den chlár comhardaithe (cosúil le gealltanais iasachta).
|
|
20. Ba cheart d'institiúidí breithniú a dhéanamh ar neamhchosaintí neamhthuillmheacha (glan ó …
|
Ba cheart d'institiúidí breithniú a dhéanamh ar neamhchosaintí neamhthuillmheacha6 (glan ó sholáthairtí) mar ionstraimí atá íogair do ráta úis ina léirítear sreafaí airgid ionchais agus a n-uainiú.
6 Neamhchosaintí neamhthuillmheacha arna míniú in Iarscríbhinn V de Rialachán (AE) 680/2014.
|
|
21. Gan dochar do mhír 10, cuirfear san áireamh gnóthaí beaga a bhaineann leis an leabhar trádála …
|
Gan dochar do mhír 10, cuirfear san áireamh gnóthaí beaga a bhaineann leis an leabhar trádála, arna míniú i mír 1 d'Airteagal 94 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, mura bhfuil an riosca a bhaineann lena ráta úis curtha san áireamh i mbeart riosca eile. 4.2.2 Sainaithint, ríomh agus leithdháileadh caipitil chun críche IRRBB
|
|
22. Nuair a bhíonn meastóireacht á déanamh ar mhéideanna, cineálacha agus dáileadh caipiteal …
|
Nuair a bhíonn meastóireacht á déanamh ar mhéideanna, cineálacha agus dáileadh caipiteal inmheánach de bhua Airteagal 73 de Threoir 2013/36/AE, ba cheart d'institiúidí an méid a chuireann IRRBB leis an measúnú caipitil inmheánach foriomlán ar aschuir chórais tomhas inmheánach na hinstitiúide a chur san áireamh, agus cuntas a dhéanamh de phríomhthoimhdí agus teorainneacha riosca. Ba cheart go mbeadh an leibhéal foriomlán caipitil i gcomhréir le leibhéal riosca iarmhír tomhaiste na hinstitiúide (lena n-áirítear le haghaidh IRRBB) agus a inghlacthacht riosca, agus ba cheart é a dhoiciméadú go cuí ina thuarascáil maidir leis an bPróiseas Inmheánach Measúnaithe ar Leordhóthanacht Caipitil (tuarascáil ICAAP).
|
|
23. Ba cheart d'institiúidí a léiriú go bhfuil a gcaipiteal inmheánach i gcomhréir leis an leibhéal …
|
Ba cheart d'institiúidí a léiriú go bhfuil a gcaipiteal inmheánach i gcomhréir leis an leibhéal IRRBB, ag cur an tionchair a d'fhéadfadh a bheith ag athruithe féideartha ar chaipiteal inmheánach ar luach eacnamaíoch na hinstitiúide san áireamh agus beartas a bhaineann le glanioncam úis amach anseo móide athruithe ar mhargadhluach mar thoradh ar athruithe ar rátaí úis. Ba cheart d'institiúidí meastóireacht a dhéanamh ar bhearta riosca IRRBB le linn dóibh cinneadh a dhéanamh maidir le caipiteal inmheánach agus a chur san áireamh go gcuireann bearta IRRBB an riosca san áireamh ar bhealach comhlántach (e.g., breithniú a dhéanamh ar IRRBB bunaithe ar thréimhse ama difriúil). Níltear ag súil go ndéanfaidh institiúidí áireamh dúbailte ar a gcaipiteal inmheánach le haghaidh EV agus beart a bhaineann le glanioncam úis móide athruithe margadhluacha, ach ba cheart go mbreithneofaí sa mhodheolaíocht ar leithdháileadh inmheánach caipitil na bearta a bhaineann le riosca IRRBB agus measúnú sainráite a dhéanamh ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith acu ar chaipiteal inmheánach.
|
|
24. Ina n-anailís ICAAP ar an méid caipitil inmheánaigh a theastaíonn le haghaidh IRRBB, ba cheart …
|
Ina n-anailís ICAAP ar an méid caipitil inmheánaigh a theastaíonn le haghaidh IRRBB, ba cheart d'institiúidí breithniú a dhéanamh ar an méid seo a leanas: - (a) caipiteal inmheánach atá á shealbhú le haghaidh rioscaí do luach eacnamaíoch a d'fhéadfadh eascairt as gluaiseachtaí díobhálacha ar rátaí úis; agus
- (b) riachtanais chaipitil inmheánaigh a eascraíonn as tionchar na n-athruithe ráta ar ghlanioncam úis todhchaí móide athruithe ar acmhainn margadhluacha, agus na himpleachtaí a bheidh ag a leithéid ar leibhéil maolán caipitil inmheánacha.
|
|
25. Níor cheart go mbeadh institiúidí ag brath díreach ar na measúnuithe maoirseachta ar …
|
Níor cheart go mbeadh institiúidí ag brath díreach ar na measúnuithe maoirseachta ar leordhóthanacht caipitil le haghaidh IRRBB nó ar thoradh na tástála asluití maoirseachta, ba cheart dóibh a gcuid modheolaíochtaí féin le haghaidh leithdháileadh caipitil a fhorbairt agus a úsáid, bunaithe ar a n-inghlacthacht riosca, leibhéal riosca agus beartais bainistíochta riosca. Nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh maidir le leibhéal oiriúnach caipitil, ba cheart d'institiúidí breithniú a dhéanamh ar mhéid agus ar chaighdeán an chaipitil atá riachtanach.
|
|
26. Ba cheart go n-áireofaí an méid seo a leanas i measúnuithe ar leordhóthanacht caipitil do …
|
Ba cheart go n-áireofaí an méid seo a leanas i measúnuithe ar leordhóthanacht caipitil do IRRBB: - (a) méid agus éirim na dteorainneacha inmheánacha ar neamhchosaintí IRRBB, agus cibé acu an sroichtear nó nach sroichtear na teorainneacha seo nuair a dhéantar an caipiteal a ríomh;
- (b) an costas a bhfuiltear ag súil leis a bhainfidh le fálú suíomhanna oscailte a bhfuil sé beartaithe acu tairbhe a bhaint as ionchais inmheánacha maidir le leibhéal rátaí úis na todhchaí;
- (c) íogaireacht bhearta inmheánacha IRRBB do phríomhthoimhdí samhaltaithe nó do thoimhdí neamhfhoirfe samhaltaithe;
- (d) tionchar na gcásanna turrainge agus struis ar shuíomhanna a praghsáladh trí úsáid a bhaint as innéacsanna difriúla ráta úis (riosca boinn);
- (e) an tionchar ar luach eacnamaíoch agus glanioncam úis móide athruithe margadhluacha a bhaineann le suíomhanna neamhréireacha in airgeadraí difriúla;
- (f) tionchar na gcaillteanas leabaithe agus na ngnóthachan leabaithe;
- (g) dáileadh an chaipitil i gcoibhneas le rioscaí sna heintitis dhlíthiúla curtha san áireamh i dteorainn stuamachta comhdhlúite an ghrúpa, le cois leordhóthanacht an chaipitil fhoriomlán ar bhonn comhdhlúite;
- (h) tionscnóirí an riosca bhunúsaigh; agus
- (i) na himthosca ina bhféadfadh an riosca teacht chun cinn.
|
|
27. Ba cheart torthaí leordhóthanacht chaipitil do IRRBB a bhreithniú in ICAAP institiúide agus go …
|
Ba cheart torthaí leordhóthanacht chaipitil do IRRBB a bhreithniú in ICAAP institiúide agus go mbeidís á gcur san áireamh sna measúnuithe ar chaipiteal a bhaineann le línte gnó.
|
|
28. Chun an méid caipitil inmheánaigh atá le sealbhú le haghaidh IRRBB a chalabrú, ba cheart …
|
Chun an méid caipitil inmheánaigh atá le sealbhú le haghaidh IRRBB a chalabrú, ba cheart d'institiúidí úsáid a bhaint as córais tomhais agus raon cásanna turrainge agus struis ráta úis, atá curtha in oiriúint do phróifíl riosca na hinstitiúide chun scála poitéinsiúil aon éifeachtaí IRRBB faoi choinníollacha díobhálacha a chainníochtú.
|
|
29. Ba cheart d'institiúidí a bhfuil samhlacha caipitil inmheánacha in úsáid acu a áirithiú go …
|
Ba cheart d'institiúidí a bhfuil samhlacha caipitil inmheánacha in úsáid acu a áirithiú go bhfuil an leithdháileadh caipitil inmheánaigh le haghaidh IRRBB curtha san áireamh go cuí sa leithdháileadh caipitil inmheánaigh fhoriomláin agus go bhfuil aon toimhdí a bhaineann le héagsúlú doiciméadaithe agus go bhfuil a n-iontaofacht agus cobhsaíocht fíoraithe trí shonraí stairiúla a úsáid más cuí le haghaidh na hinstitiúide aonair agus na margaí ina bhfuil sí ag feidhmiú. Féadfar costais chaipitil inmheánacha a leithdháileadh ar ais ar na haonaid ghnó agus táirgí d'fhonn a áirithiú go dtuigeann na daoine atá freagrach as iad a bhainistiú, costais iomlána na n-aonad gnó nó táirgí bunúsacha.
|
|
30. Nuair a bhíonn breithniú á dhéanamh ar cibé acu ar cheart nó nár cheart caipiteal inmheánach a …
|
Nuair a bhíonn breithniú á dhéanamh ar cibé acu ar cheart nó nár cheart caipiteal inmheánach a leithdháileadh i ndáil le IRRBB chuig beartas a bhaineann le glanioncam úis móide athruithe margadhluacha, ba cheart d'institiúidí an méid seo a leanas a chur san áireamh: - (a) Tábhacht choibhneasta an ghlanioncaim úis i ndáil leis an nglanioncam iomlán, agus dá réir sin, tionchar na n-athruithe suntasach ar ghlanioncam úis ó bhliain go bliain;
- (b) Na leibhéil iarbhír de ghlanioncam úis indéanta faoi chásanna difriúla (i.e., a mhéid is atá corrlaigh sách leathan chun déileáil leis an luaineacht a eascraíonn as suíomhanna ráta úis agus athruithe ar chostas dliteanas);
- (c) An fhéidearthacht go bhféadfaí caillteanais iarbhír a thabhú faoi dhálaí anáis nó mar thoradh ar athruithe ciantréimhseacha sa timpeallacht mhargaidh – e.g., sa chás go mb'fhéidir go mbeadh sé riachtanach suíomhanna a leachtú atá beartaithe a úsáid mar infheistíocht fhadtéarmach chun bearta a bhaineann le glanioncam úis a chobhsú móide athruithe margadhluacha;
- (d) Tábhacht choibhneasta ionstraimí atá íogair do ráta úis (lena n-áirítear díorthaigh ráta úis) sa leabhar neamhthrádála, agus éifeachtaí poitéinsiúla a léiriú sa chuntas brabúis agus caillteanais nó go díreach i gcothromas (e.g., trí ioncam cuimsitheach eile); agus
- (e) Luaineacht na mbeart a bhaineann le glanioncam úis móide athruithe margadhluacha, láidreacht agus cobhsaíocht na mbeart a bhaineann le glanioncam úis móide sruthanna athruithe margadhluacha agus an leibhéal ioncaim a theastaíonn chun gnáthoibríochtaí gnó a chruthú agus a leanúint ar aghaidh leo. Ba cheart d'institiúidí le leibhéal ard IRRBB a d'fhéadfadh, faoi raon cásanna margaidh inchreidte, a bheith mar bhonn le caillteanais, srian a chur le gnáthdháileadh díbhinní nó laghdú ar oibríochtaí gnó, a áirithiú go bhfuil dóthain caipitil acu chun déileáil le tionchar díobhálach na gcásanna seo.
|
|
31. Ba cheart d'institiúidí breithniú a dhéanamh ar an maolán caipitil inmheánaigh a choigeartú sa …
|
Ba cheart d'institiúidí breithniú a dhéanamh ar an maolán caipitil inmheánaigh a choigeartú sa chás go dtarraingítear aird ina dtástálacha struis ar an bpoitéinseal a bhaineann le bearta laghdaithe maidir le glanioncam úis móide athruithe margadhluacha (agus acmhainn ghiniúna caipitil laghdaithe dá réir sin) i gcásanna struis. 4.2.3 Straitéis Rialachais IRRBB
|
|
32. Ba cheart straitéis IRRBB na hinstitiúide, lena n-áirítear an inghlacthacht riosca le haghaidh …
|
Ba cheart straitéis IRRBB na hinstitiúide, lena n-áirítear an inghlacthacht riosca le haghaidh maolú IRRBB agus IRRBB, a áireamh sa straitéis fhoriomlán, go háirithe na cuspóirí straitéiseacha agus na cuspóirí riosca, nach mór don chomhlacht bainistíochta iad a fhormheas mar atá sonraithe i bhfomhír (2), litir (a) d'Airteagal 88(1) de Threoir 2013/36/AE.
|
|
33. Ba cheart inghlacthacht riosca na hinstitiúide do IRRBB a léiriú i dteorainneacha bunaithe ar …
|
Ba cheart inghlacthacht riosca na hinstitiúide do IRRBB a léiriú i dteorainneacha bunaithe ar thionchar inghlactha na rátaí úis luaineacha ar bhearta IRRBB. Ba cheart d'institiúidí atá ag déileáil le neamhchosaintí suntasacha ar riosca bearna, riosca boinn nó riosca roghanna cinneadh a dhéanamh maidir lena n-inghlacthacht riosca i ndáil le gach ceann de na fochineálacha ábhartha de IRRBB.
|
|
34. Chomh maith leis sin, ba cheart go n-áireofaí i straitéis fhoriomlán IRRBB an cinneadh maidir …
|
Chomh maith leis sin, ba cheart go n-áireofaí i straitéis fhoriomlán IRRBB an cinneadh maidir leis an méid a bhfuil an tsamhail ghnó ag brath ar ghlanioncam úis a ghiniúint trí ‘an cuar toraidh’ – i.e., sócmhainní maoinithe a bhfuil tréimhse athphraghsála réasúnta fada luaite leo le dliteanais a bhfuil tréimhse athphraghsála réasúnta gearr luaite leo. Sa chás go mbraitheann an tsamhail ghnó ar fhoinse an ghlanioncaim úis seo, ba cheart don chomhlacht bainistíochta a straitéis IRRBB a mhíniú agus conas atá sé beartaithe aige déileáil le tréimhsí nuair a bhíonn an cuar toraidh cothrom nó inbhéartach.
|
|
35. Ba cheart d'institiúidí measúnú cuí a dhéanamh ar thograí chun táirgí nua a úsáid nó páirt a …
|
Ba cheart d'institiúidí measúnú cuí a dhéanamh ar thograí chun táirgí nua a úsáid nó páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí nua, straitéisí glactha rioscaí nó fálaithe, roimh éadáil nó cur chun feidhme d'fhonn a áirithiú go bhfuil na hacmhainní a theastaíonn chun bainistíocht fhónta agus éifeachtach IRRBB an táirge nó na gníomhaíochta sainaitheanta, go bhfuil na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag teacht le hinghlacthacht riosca fhoriomláin na hinstitiúide agus go bhfuil nósanna imeachta chun an táirge nó gníomhaíocht atá beartaithe a shainaithint, a thomhas, a fhaire agus a rialú bunaithe. Ba cheart a áirithiú go bhfuil tuiscint mhaith ag daoine ar shaintréithe IRRBB na dtáirgí agus na ngníomhaíochtaí nua seo.
|
|
36. Ba cheart go mbeadh an t-eolas agus an saineolas cuí ag institiúidí a bhfuil ionstraimí …
|
Ba cheart go mbeadh an t-eolas agus an saineolas cuí ag institiúidí a bhfuil ionstraimí díorthaigh in úsáid acu chun neamhchosaintí ar IRRBB a mhaolú. Ba cheart do gach institiúid a léiriú go dtuigeann siad iarmhairtí fálaithe trí úsáid a bhaint as díorthaigh ráta úis.
|
|
37. Ba cheart go mbeadh an t-eolas agus an saineolas riachtanach ag institiúidí a bhfuil samhlacha …
|
Ba cheart go mbeadh an t-eolas agus an saineolas riachtanach ag institiúidí a bhfuil samhlacha d'iompar custaiméirí in úsáid acu mar ionchur chun a IRRBB a thomhas. Ba cheart go mbeadh gach institiúid in ann a léiriú go dtuigeann sí iarmhairtí shamhaltú iompair a bhonn custaiméirí.
|
|
38. Nuair a bhíonn cinntí á ndéanamh maidir le gníomhaíochtaí fálaithe, ba cheart go mbeadh …
|
Nuair a bhíonn cinntí á ndéanamh maidir le gníomhaíochtaí fálaithe, ba cheart go mbeadh institiúidí airdeallach ar éifeachtaí na mbeartas cuntasaíochta, ach níor cheart go mbeadh a gcuir chuige cuntasaíochta mar bhonn lena gcur chuige bainistíochta riosca.
|
|
39. Ba cheart d'institiúidí comhdhlúthacháin a áirithiú go bhfuil socruithe agus próisis rialachais …
|
Ba cheart d'institiúidí comhdhlúthacháin a áirithiú go bhfuil socruithe agus próisis rialachais inmheánacha le haghaidh bhainistiú IRRBB comhsheasmhach agus comhtháite ar bhonn comhdlúite agus fo-chomhdhlúite. 4.2.4 Creat bainistíochta riosca agus freagrachtaí IRRBB
|
|
40. I bhfianaise socruithe rialachais inmheánacha de bhua Airteagal 74 agus Airteagal 88 de Threoir …
|
I bhfianaise socruithe rialachais inmheánacha de bhua Airteagal 74 agus Airteagal 88 de Threoir 2013/36/AE, ba cheart d'institiúidí, i ndáil le IRRBB, an méid seo a leanas a áirithiú: - (a) Gur ar a gcomhlacht bainistíochta atá an fhreagracht iomlán as maoirseacht chreat bainistíochta IRRBB, creat inghlacthachta riosca na hinstitiúide agus méideanna, cineálacha agus dáileadh an chaipitil inmheánaigh chun na rioscaí a chlúdach go cuí. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta cinneadh a dhéanamh maidir le straitéis fhoriomlán IRRBB na hinstitiúide agus na beartais agus na próisis chomhfhreagracha a fhormheas. Féadfaidh an comhlacht bainistíochta, áfach, faireachán agus bainistíochta IRRBB a tharmligean chuig an bhfoireann bhainistíochta shinsearach, saineolaithe aonair nó coiste bainistíochta sócmhainní agus dliteanas faoi choinníollacha atá sonraithe tuilleadh i mír 42.
- (b) Tá creat bainistíochta IRRBB bunaithe acu ina mbunaítear línte soiléire freagrachtaí agus ina gcuimsítear córas teorainneacha, beartais, próisis agus rialuithe inmheánacha lena n-áirítear athbhreithnithe agus meastóireachtaí neamhspleácha rialta ar éifeachtacht an chreata.
- (c) Tá na socruithe, próisis agus sásraí dá dtagraítear dóibh don mheasúnú ar IRRBB cuimsitheach agus i gcomhréir le cineál, scála agus castacht na rioscaí bunúsacha a bhaineann leis an tsamhail ghnó agus le gníomhaíochtaí na hinstitiúide.
|
|
41. Ba cheart go mbeadh an comhlacht bainistíochta freagrach as an méid seo a leanas go háirithe …
|
Ba cheart go mbeadh an comhlacht bainistíochta freagrach as an méid seo a leanas go háirithe: - (a) Cineál agus leibhéal na neamhchosanta IRRBB a thuiscint. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a áirithiú go bhfuil treoir shoiléir ann maidir le hinghlacthacht riosca do IRRBB i ndáil le straitéisí gnó na hinstitiúide.
- (b) A áirithiú go ndéantar na gníomhaíochtaí cuí chun IRRBB a shainaithint, a thomhas, a fhaire agus a rialú, comhsheasmhach leis na straitéisí agus beartais atá formheasta. Chuige sin, tá an comhlacht bainistíochta nó a thoscairí freagrach as an méid seo a leanas a shonrú:
- i. teorainneacha cuí maidir le IRRBB, lena n-áirítear nósanna imeachta agus formheasanna sonracha a mhíniú atá riachtanach le haghaidh eisceachtaí, agus a áirithiú go bhfuil na teorainneacha sin á gcomhlíonadh;
- ii. córais agus caighdeáin chun IRRBB a thomhas, suíomhanna a luacháil agus a feidhmíocht a mheas, lena n-áirítear nósanna imeachta chun turraingí, paraiméadair agus cásanna struis ráta úis a nuashonrú agus príomhthoimhdí bunúsacha atá mar bhonn le hanailís IRRBB na hinstitiúide;
- iii. próiseas cuimsitheach chun IRBB a thuairisciú agus a athbhreithniú; agus
- iv. rialuithe inmheánacha éifeachtacha agus córais faisnéis bainistíochta (MISanna).
- (c) Mórthionscnaimh fálaithe nó glactha rioscaí a fhormheas roimh iad a chur chun feidhme. Ba cheart suíomhanna a bhaineann le haistrithe riosca inmheánacha idir an leabhar neamhthrádála agus an leabhar trádála a dhoiciméadú go cuí.
- (d) Maoirseacht a dhéanamh ar fhormheas, cur chun feidhme agus athbhreithniú bheartais, nósanna imeachta agus teorainneacha bainistíochta IRRBB. Na cheart leibhéal agus athruithe ar neamhchosaint IRRBB na hinstitiúide a chur ar fáil don chomhlacht bainistíochta go rialta (gach ráithe ar a laghad).
- (e) Ba cheart a áirithiú go bhfuil bailíochtú mhodhanna tomhais IRRBB agus measúnú an riosca chomhfhreagraigh de bharr samhaltaithe san áireamh i bpróiseas beartais fhoirmiúil ar cheart don chomhlacht bainistíochta nó dá thoscairí é a athbhreithniú agus a fhormheas.
- (f) Tuiscint agus measúnú ar fheidhmiú a thoscairí i ndáil le faireachán agus rialú IRRBB, comhsheasmhach le beartais atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta, bunaithe ar athbhreithnithe rialta ar fhaisnéis thráthúil atá sách mionsonraithe.
- (g) Impleachtaí straitéisí IRRBB na hinstitiúide a thuiscint agus na naisc a d'fhéadfadh a bheith acu le riosca margaidh, leachtachta, creidmheas agus oibriúcháin ach gan a cheangal gur saineolaithe sa réimse iad baill uile an chomhlachta bainistíochta. Ba cheart go mbeadh dóthain eolais theicniúil ag roinnt ball chun tuarascálacha a chuirtear faoi bhráid an chomhlachta bainistíochta a cheistiú agus a ndúshlán a thabhairt. Ba cheart don institiúid a shoiléiriú go bhfuil baill an chomhlachta bainistíochta freagrach as a áirithiú go bhfuil an fhoireann bhainistíochta shinsearach in ann IRRBB a thuiscint agus go bhfuil dóthain acmhainní curtha ar fáil d'fhoireann bhainistíochta IRRBB.
|
|
42. Ba cheart go mbeadh socruithe agus nósanna imeachta tarmligin bunaithe ag institiúidí ionas gur …
|
Ba cheart go mbeadh socruithe agus nósanna imeachta tarmligin bunaithe ag institiúidí ionas gur féidir leis an gcomhlacht bainistíochta aon chúraimí faireacháin nó bainistíochta IRRBB a tharmligean, lena n-áirítear, ach níl teoranta do: - (a) Ba cheart daoine nó coistí a bhfuil cúraimí an chomhlachta bainistíochta tarmligthe dóibh chun beartais agus cleachtais IRRBB a fhorbairt, cosúil leis an bhfoireann bhainistíochta shinsearach, saineolaithe aonair nó ALCO, a shainaithint agus ba cheart go mbeadh a gcuid cuspóirí sonraithe go soiléir ag an gcomhlacht bainistíochta.
- (b) Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a áirithiú go bhfuil freagrachtaí á ndeighilt go cuí sa phróiseas bainistíochta riosca le haghaidh IRRBB. Ba cheart go mbeadh freagrachtaí arna míniú go soiléir ag feidhmeanna sainaitheanta, tomhais, faireacháin agus rialaithe IRRBB, ba cheart go mbeidís neamhspleách ar fheidhmeanna glactha rioscaí IRRBB agus ba cheart dóibh neamhchosaintí ar IRRBB a thuairisciú go díreach don chomhlacht bainistíochta nó dá thoscairí.
- (c) Ba cheart don institiúid a áirithiú go bhfuil línte soiléire údaráis ag toscairí an chomhlachta bainistíochta i ndáil leis na haonaid atá freagrach as rioscaí maidir le IRRBB a ghlacadh. Ba cheart go mbeadh an cainéal cumarsáide chun treoracha na dtoscairí a chur in iúl do na haonaid líne seo soiléir.
- (d) Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a bhunú go gcuireann struchtúr na hinstitiúide ar chumas a thoscairí a gcuid freagrachtaí a chomhlíonadh, agus cinnteoireacht agus rialachas éifeachtach a éascú. Chuige sin, ba cheart do ALCO, nó a chomhionann, bualadh lena chéile go rialta agus ba cheart go mbeadh ionadaithe ó gach roinn mhór atá nasctha le IRRBB páirteach sa phlé. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta tacú le plé maidir le próiseas bainistíochta IRRBB, idir na baill agus toscairí agus idir na toscairí agus daoine eile san institiúid. Chomh maith leis sin, ba cheart don chomhlacht bainistíochta a áirithiú go n-éascaíonn cumarsáid rialta idir na réimsí bainistíochta riosca agus pleanála straitéisí faireachán ar an riosca a eascraíonn as gnó a dhéanfar amach anseo.
4.2.5 Inghlacthacht riosca IRRBB agus teorainneacha beartais
|
|
43. Ba cheart d'institiúidí a n-inghlacthacht riosca le haghaidh IRRBB a shoiléiriú i dtéarnaí an …
|
Ba cheart d'institiúidí a n-inghlacthacht riosca le haghaidh IRRBB a shoiléiriú i dtéarnaí an riosca do bhearta IRRBB go háirithe: - (a) Ba cheart go mbeadh ráitis shoiléire maidir le hinghlacthacht riosca bunaithe ag institiúidí atá formheasta ag a gcomhlacht bainistíochta agus curtha chun feidhme trí chreataí cuimsitheacha maidir le hinghlacthacht riosca – i.e., beartais agus nósanna imeachta chun IRRBB a theorannú agus a rialú.
- (b) Ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas san áireamh ina gcreataí maidir le hinghlacthacht rioscaí:
- a. ba cheart cumhachtaí tarmligthe, línte freagrachta agus cuntasacht i ndáil le cinntí bainistíochta IRRBB a léiriú; agus
- b. ba cheart na hionstraimí, straitéisí fálaithe agus deiseanna glactha rioscaí atá údaraithe le haghaidh IRRBB a liostú.
- (c) Nuair a bhíonn a n-inghlacthacht rioscaí á míniú, ba cheart d'institiúidí cuntas a dhéanamh de rioscaí glanioncaim úis a d'fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh ar chur chuige cuntasaíochta idirbheart sa leabhar neamhthrádála. Ní gá go mbeadh an riosca teoranta d'ioncam úis agus costais: ba cheart éifeachtaí na n-athruithe ar rátaí úis ar mhargadhluach ionstraimí, a léirítear, ag brath ar an gcur chuige cuntasaíochta, tríd an gcuntas brabúis nó caillteanais nó go díreach i gcothromas (trí ioncam cuimsitheach eile), a chur san áireamh ar leithligh. Ba cheart d'institiúidí go háirithe cuntas a dhéanamh den tionchar a bhaineann le roghnaíochtaí leabaithe in ionstraimí cóirluacha atá ag déileáil le turraingí leanúnacha ráta úis agus cásanna struis. Ba cheart d'institiúidí cuntas a dhéanamh den tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag díorthaigh fálaithe ráta úis ar chuntais Bhrabúis agus Chaillteanais dá gcuirfeadh athruithe ar an ráta úis isteach orthu.
|
|
44. Ba cheart d'institiúidí teorainneacha a chur chun feidhme atá dírithe ar neamhchosaintí ar …
|
Ba cheart d'institiúidí teorainneacha a chur chun feidhme atá dírithe ar neamhchosaintí ar IRRBB a chothabháil ar bhealach atá comhsheasmhach lena n-inghlacthacht riosca agus lena gcur chuige foriomlán chun IRRBB a thomhas, an méid seo a leanas go háirithe: - (a) Ba cheart teorainneacha riosca comhiomlána a mhíníonn go soiléir an méid de IRRBB atá inghlactha don chomhlacht bainistíochta a chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite agus, más cuí, ag leibhéal na gcleamhnaithe aonair.
- (b) D'fhéadfaí teorainneacha a lua le cásanna sonracha d'athruithe ar rátaí úis agus struchtúir théarma, cosúil le laghdú nó méadú nó athrú ar chruth an chuair toraidh. Ba cheart go léireofaí sna gluaiseachtaí ráta úis a úsáidtear chun na teorainneacha seo a fhorbairt cásanna turrainge agus struis atá sách díobhálach, agus luaineacht an ráta úis stairiúil a chur san áireamh agus an méid ama a theastaíonn ón bhfoireann bhainistíochta chun na neamhchosaintí sin ar riosca a mhaolú.
- (c) Ba cheart go mbeadh na teorainneacha beartais oiriúnach do chineál, méid, castacht agus leordhóthanacht caipitil na hinstitiúide, mar aon lena cumas a cuid rioscaí a thomhas agus a bhainistiú.
- (d) Ag brath ar ghníomhaíochtaí agus samhail ghnó institiúide, d'fhéadfaí fo-theorainneacha a bhunú freisin le haghaidh aonad gnó aonair, punann, cineálacha ionstraimí, ionstraimí sonracha nó fochineálacha ábhartha de riosca IRRBB cosúil le riosca bearna, riosca boinn agus riosca roghanna.
- (e) Ba cheart go mbeadh córais bunaithe d'fhonn a áirithiú go ndéileálann an fhoireann bhainistíochta go pras le suíomhanna a sháraíonn, nó ar dócha a sháróidh, teorainneacha atá mínithe ag an gcomhlacht bainistíochta nó ag a thoscairí, agus go ndéileáiltear leo ar bhonn práinne gan mhoill. Ba cheart go mbeadh beartas soiléir bunaithe maidir le cé a chuirfear ar an eolas, cén modh cumarsáide a úsáidfear agus céard iad na gníomhaíochtaí a dhéanfar.
- (f) Ba cheart go mbeadh bearta maidir le riosca á dtuairisciú don chomhlacht bainistíochta nó dá thoscairí gach ráithe ar a laghad agus ba cheart an neamhchosaint atá le tabhairt faoi deara faoi láthair a chur i gcomparáid le teorainneacha beartais.
|
|
45. Ba cheart creat a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt na straitéisí fálaithe a …
|
Ba cheart creat a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt na straitéisí fálaithe a bhraitheann ar ionstraimí cosúil le díorthaigh, agus chun rioscaí marcála ón margadh a rialú in ionstraimí a bhfuil cuntas déanta orthu ag cóirluach. 4.2.6 Beartas, próisis agus rialuithe riosca IRRBB
|
|
Beartais agus próisis riosca
|
Beartais agus próisis riosca
|
|
Rialuithe inmheánacha
|
Rialuithe inmheánacha
|
|
Córas TF agus cáilíocht sonraí IRRBB
|
Córas TF agus cáilíocht sonraí IRRBB
|
|
Tuairisciú inmheánach
|
Tuairisciú inmheánach
|
|
Rialachas samhla
|
Rialachas samhla
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|