+7 Bearta ceartaitheacha seirbhíseoirí creidmheasa
---+44. Más é tátal measúnaithe nó athmheasúnaithe seirbhíseora creidmheasa nach bhfuil an t-eolas ná …
---+45. D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta ceartaitheacha iomchuí, ach gan bheith teoranta dóibh, na …
---+46. Má shainaithníonn measúnú nó athmheasúnú seirbhíseora creidmheasa easnaimh inleasaithe go …
---+47. Nuair a bheartaíonn seirbhíseoir creidmheasa an t-údarú a iarraidh chun tús a chur lena …
---+48. In gcás ar bith, ba cheart na húdaráis inniúla a chur ar an eolas gan mhoill faoi aon easnaimh …

7 Bearta ceartaitheacha seirbhíseoirí creidmheasa

7 Bearta ceartaitheacha seirbhíseoirí creidmheasa

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
44. Más é tátal measúnaithe nó athmheasúnaithe seirbhíseora creidmheasa nach bhfuil an t-eolas ná …

Más é tátal measúnaithe nó athmheasúnaithe seirbhíseora creidmheasa nach bhfuil an t-eolas ná an taithí leordhóthanach ag an orgán bainistíochta nó riaracháin ina iomláine, ba cheart don seirbhíseoir creidmheasa bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh go tráthúil.

45. D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta ceartaitheacha iomchuí, ach gan bheith teoranta dóibh, na …

D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta ceartaitheacha iomchuí, ach gan bheith teoranta dóibh, na nithe seo a leanas: freagrachtaí a choigeartú idir comhaltaí; comhaltaí nua a ionadú; comhaltaí breise a earcú; baill aonair a chur faoi oiliúint; nó oiliúint don orgán bainistíochta i dteannta a chéile chun eolas agus chun taithí chomhchoiteann leordhóthanach an orgáin bainistíochta nó riaracháin a áirithiú.

46. Má shainaithníonn measúnú nó athmheasúnú seirbhíseora creidmheasa easnaimh inleasaithe go …

Má shainaithníonn measúnú nó athmheasúnú seirbhíseora creidmheasa easnaimh inleasaithe go furasta ó thaobh eolas agus thaithí leordhóthanach an orgáin bainistíochta nó riaracháin, ba cheart don seirbhíseoir creidmheasa bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh chun na heasnaimh sin a shárú go tráthúil, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, trí oiliúint iomchuí a chur ar na comhaltaí aonair (orthu uile nó ar chomhaltaí aonair).

47. Nuair a bheartaíonn seirbhíseoir creidmheasa an t-údarú a iarraidh chun tús a chur lena …

Nuair a bheartaíonn seirbhíseoir creidmheasa an t-údarú a iarraidh chun tús a chur lena ghníomhaíochtaí, ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme sula n-iarrfaí an t-údarú.

48. In gcás ar bith, ba cheart na húdaráis inniúla a chur ar an eolas gan mhoill faoi aon easnaimh …

In gcás ar bith, ba cheart na húdaráis inniúla a chur ar an eolas gan mhoill faoi aon easnaimh ábhartha arna sainaithint agus a bhainfeadh le haon duine de chomhaltaí an orgáin bainistíochta agus le comhdhéanamh comhchoiteann an orgáin bainistíochta. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin na bearta a rinneadh nó atá beartaithe chun na heasnaimh sin a leigheas mar aon leis an amlíne lena gcur chun feidhme.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/