+15. Chun prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm agus chun cur chun feidhme iomchuí …

15. Chun prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm agus chun cur chun feidhme iomchuí …

Chun prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm agus chun cur chun feidhme iomchuí cheanglais rialachais Rialachán (AE) 2023/1114 a áirithiú mar a shonraítear a thuilleadh sna Treoirlínte seo, ba cheart d’eisitheoirí ARTanna agus d’údaráis inniúla na critéir seo a leanas a chur san áireamh:

  • a. méid eisitheoir ARTanna i dtéarmaí iomlán an chláir comhardaithe;
  • b. foirm dhlíthiúil eisitheoir ARTanna;
  • c. cé acu atá eisitheoir ARTanna liostaithe nó nach bhfuil;
  • d. aicmiú an chomhartha sócmhainn-tagartha a eisítear mar chomhartha sócmhainn-tagartha suntasach nó neamhshuntasach de bhun Airteagail 43 agus 44 agus Airteagail 56 agus 57 de Rialachán (AE) 2023/1114
  • e. sonraí, toirt agus líon na ARTanna a eisítear;
  • f. cé acu a ligtear nó nach ligtear na ARTanna a eisítear isteach chun a dtrádála;
  • g. an sásra comhthola a úsáidtear chun na ARTanna a eisiúint agus a bhailíochtú;
  • h. cineál agus castacht na ngníomhaíochtaí gnó uile;
  • i. an cineál gníomhaíochtaí údaraithe agus na seirbhísí a dhéantar;
  • j. cibé an gcuirtear gníomhaíochtaí trasteorann ar fáil agus méid na n-oibríochtaí i ngach dlínse;
  • k. méid an chúlchiste sócmhainní;
  • l. cineál agus castacht na sócmhainní dá dtagraítear comhartha;
  • m. cibé acu is sealbhóirí miondíola iad sealbhóirí ART nó nach iad;
  • n. úsáid soláthraithe seirbhíse tríú páirtí;
  • o. na bealaí dáileacháin a úsáidtear, lena n-áirítear na bealaí sin a chuirtear ar fáil ag soláthraithe seirbhíse tríú páirtí; agus
  • p. na córais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) atá ann cheana, lena n-áirítear bearta leanúnachais gnó agus úsáid eintiteas TFC tríú páirtí dá dtagraítear i mír 5, an chéad fhomhír, pointe (h), Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2023/1114.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/