+Teideal I – Cur i bhfeidhm phrionsabal na comhréireachta
---+14. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna agus d’údaráis inniúla aird a thabhairt ar phrionsabal na …
---+15. Chun prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm agus chun cur chun feidhme iomchuí …
---+16. Ba cheart socruithe malartacha a bheith i bhfeidhm ag eisitheoirí ARTanna atá á mbainistiú ag …
|
Teideal I – Cur i bhfeidhm phrionsabal na comhréireachta
Teideal I – Cur i bhfeidhm phrionsabal na comhréireachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
14. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna agus d’údaráis inniúla aird a thabhairt ar phrionsabal na …
|
Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna agus d’údaráis inniúla aird a thabhairt ar phrionsabal na comhréireachta agus na treoirlínte seo á gcur i bhfeidhm agus á gcur chun feidhme acu d’fhonn a áirithiú go bhfuil na socruithe rialachais comhsheasmhach le próifíl riosca aonair eisitheoir ARTanna agus an ghrúpa, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir lena mhéid agus lena eagrúchán inmheánach, ábhartha dá shamhail ghnó, oiriúnach do chineál, scála agus castacht a ghníomhaíochtaí agus leordhóthanach chun cuspóirí na gceanglas agus na bhforálacha rialála ábhartha a bhaint amach go héifeachtach.
|
|
15. Chun prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm agus chun cur chun feidhme iomchuí …
|
Chun prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm agus chun cur chun feidhme iomchuí cheanglais rialachais Rialachán (AE) 2023/1114 a áirithiú mar a shonraítear a thuilleadh sna Treoirlínte seo, ba cheart d’eisitheoirí ARTanna agus d’údaráis inniúla na critéir seo a leanas a chur san áireamh: - a. méid eisitheoir ARTanna i dtéarmaí iomlán an chláir comhardaithe;
- b. foirm dhlíthiúil eisitheoir ARTanna;
- c. cé acu atá eisitheoir ARTanna liostaithe nó nach bhfuil;
- d. aicmiú an chomhartha sócmhainn-tagartha a eisítear mar chomhartha sócmhainn-tagartha suntasach nó neamhshuntasach de bhun Airteagail 43 agus 44 agus Airteagail 56 agus 57 de Rialachán (AE) 2023/1114
- e. sonraí, toirt agus líon na ARTanna a eisítear;
- f. cé acu a ligtear nó nach ligtear na ARTanna a eisítear isteach chun a dtrádála;
- g. an sásra comhthola a úsáidtear chun na ARTanna a eisiúint agus a bhailíochtú;
- h. cineál agus castacht na ngníomhaíochtaí gnó uile;
- i. an cineál gníomhaíochtaí údaraithe agus na seirbhísí a dhéantar;
- j. cibé an gcuirtear gníomhaíochtaí trasteorann ar fáil agus méid na n-oibríochtaí i ngach dlínse;
- k. méid an chúlchiste sócmhainní;
- l. cineál agus castacht na sócmhainní dá dtagraítear comhartha;
- m. cibé acu is sealbhóirí miondíola iad sealbhóirí ART nó nach iad;
- n. úsáid soláthraithe seirbhíse tríú páirtí;
- o. na bealaí dáileacháin a úsáidtear, lena n-áirítear na bealaí sin a chuirtear ar fáil ag soláthraithe seirbhíse tríú páirtí; agus
- p. na córais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) atá ann cheana, lena n-áirítear bearta leanúnachais gnó agus úsáid eintiteas TFC tríú páirtí dá dtagraítear i mír 5, an chéad fhomhír, pointe (h), Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2023/1114.
|
|
16. Ba cheart socruithe malartacha a bheith i bhfeidhm ag eisitheoirí ARTanna atá á mbainistiú ag …
|
Ba cheart socruithe malartacha a bheith i bhfeidhm ag eisitheoirí ARTanna atá á mbainistiú ag duine nádúrtha aonair lena n-áirithítear bainistíocht fhónta stuama eisitheoirí den sórt sin agus breithniú leordhóthanach ar shocruithe rialachais lena n-áirítear trí fhoráil a dhéanamh maidir le srianta agus ceartúcháin leordhóthanacha sa chinnteoireacht.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|