+Teideal VI – Bainistiú leanúnachais gnó
---+155. Gan dochar do na ceanglais is infheidhme faoi DORA, ba cheart d’eisitheoirí ARTanna, mar chuid …
---+156. Braitheann eisitheoir ARTanna ar roinnt acmhainní criticiúla (e.g. córais TF, lena n-áirítear …
---+157. Chun plean fónta bainistíochta leanúnachais gnó a bhunú, ba cheart d’eisitheoir ARTanna …
---+158. Ar bhonn na hanailíse thuasluaite, ba cheart d’eisitheoir ARTanna an méid seo a leanas a chur …
---+159. Ba cheart pleananna teagmhasacha, leanúnachais gnó agus téarnaimh a dhoiciméadú agus a chur …
|
Teideal VI – Bainistiú leanúnachais gnó
Teideal VI – Bainistiú leanúnachais gnó
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
155. Gan dochar do na ceanglais is infheidhme faoi DORA, ba cheart d’eisitheoirí ARTanna, mar chuid …
|
Gan dochar do na ceanglais is infheidhme faoi DORA, ba cheart d’eisitheoirí ARTanna, mar chuid de chur chun feidhme a mbeartais agus a bpleananna leanúnachais gnó arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) 2023/1114, pleananna fónta bainistíochta agus freagartha agus athshlánaithe leanúnachais gnó a bhunú chun a gcumas oibriú ar bhonn leanúnach a áirithiú, chun teagmhais a bhainistiú a d’fhéadfadh cur isteach ar sholáthar oibríochtaí criticiúla i gcomhréir le hinghlacthacht riosca agus lamháltas eisitheoir ARTanna maidir le cur isteach, agus chun caillteanais agus cur isteach ar sholáthar seirbhíse a theorannú i gcás mórshuaitheadh gnó. Féadfaidh eisitheoirí ARTanna feidhm leanúnachais gnó neamhspleách shonrach a bhunú agus na critéir chomhréireachta a liostaítear i dTeideal I á gcur san áireamh.
|
|
156. Braitheann eisitheoir ARTanna ar roinnt acmhainní criticiúla (e.g. córais TF, lena n-áirítear …
|
Braitheann eisitheoir ARTanna ar roinnt acmhainní criticiúla (e.g. córais TF, lena n-áirítear néalseirbhísí, córais chumarsáide, croífhoireann agus foirgnimh). Is é is cuspóir do bhainistiú leanúnachais gnó laghdú a dhéanamh ar na hiarmhairtí oibríochtúla, airgeadais, dlíthiúla, clú agus na hiarmhairtí ábhartha eile a eascraíonn as tubaiste nó as cur isteach fada ar na hacmhainní sin agus as cur isteach dá bharr sin ar ghnáthnósanna imeachta gnó eisitheoir ARTanna. D’fhéadfadh sé go mbeadh sé i gceist le bearta bainistithe riosca eile an dóchúlacht go dtarlódh teagmhais den sórt sin a laghdú nó a dtionchar airgeadais a aistriú chuig tríú páirtithe (e.g. trí árachas).
|
|
157. Chun plean fónta bainistíochta leanúnachais gnó a bhunú, ba cheart d’eisitheoir ARTanna …
|
Chun plean fónta bainistíochta leanúnachais gnó a bhunú, ba cheart d’eisitheoir ARTanna anailís chúramach a dhéanamh ar fhachtóirí riosca le haghaidh mórshuaitheadh gnó, agus ar a neamhchosaint air, agus measúnú a dhéanamh (go cainníochtúil agus go cáilíochtúil) ar a dtionchar féideartha, agus sonraí inmheánacha agus/nó seachtracha agus anailís ar chásanna á n-úsáid. Leis an anailís sin, ba cheart tástáil a dhéanamh ar chumas eisitheoir ARTanna oibríochtaí criticiúla a chur ar fáil trí shuaitheadh agus ba cheart gach líne ghnó agus aonad inmheánach a chumhdach, lena n-áirítear RMF nó nósanna imeachta bainistithe riosca, agus ba cheart a n-idirspleáchas a chur san áireamh. Ba cheart go rannchuideodh torthaí na hanailíse le tosaíochtaí agus cuspóirí téarnaimh eisitheoir ARTanna a shainiú.
|
|
158. Ar bhonn na hanailíse thuasluaite, ba cheart d’eisitheoir ARTanna an méid seo a leanas a chur …
|
Ar bhonn na hanailíse thuasluaite, ba cheart d’eisitheoir ARTanna an méid seo a leanas a chur i bhfeidhm: - a. pleananna teagmhasacha agus leanúnachais gnó chun a áirithiú go bhfreagraíonn eisitheoir ARTanna go hiomchuí d’éigeandálaí agus go bhfuil sé in ann oibríochtaí criticiúla a sholáthar agus sonraí bunriachtanacha a choinneáil ar bun má chuirtear isteach ar a ghnáthnósanna imeachta gnó;
- b. pleananna téarnaimh le haghaidh acmhainní criticiúla agus feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha chun téarnamh ó chur isteach agus chun é a chur ar a chumas d’eisitheoir ARTanna filleadh ar ghnáthnósanna imeachta gnó laistigh de thréimhse ama iomchuí. Ba cheart aon riosca iarmharach ó shuaitheadh gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bheith comhsheasmhach le hinghlacthacht riosca eisitheoir ARTanna;
- c. i gcás gníomhaíochtaí eile, nó i gcás nach féidir leanúnachas feidhmeanna bunriachtanacha criticiúla a áirithiú, ba cheart nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm ag eisitheoirí ARTanna chun sonraí agus feidhmeanna a aisghabháil go tráthúil agus chun a ngníomhaíochtaí a atosú go tráthúil.
|
|
159. Ba cheart pleananna teagmhasacha, leanúnachais gnó agus téarnaimh a dhoiciméadú agus a chur …
|
Ba cheart pleananna teagmhasacha, leanúnachais gnó agus téarnaimh a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme go cúramach. Ba cheart an doiciméadacht a bheith ar fáil laistigh de na línte gnó, na haonaid inmheánacha agus RMF don fhoireann atá i gceannas ar nósanna imeachta bainistithe riosca agus ba cheart í a stóráil ar chórais atá scartha go fisiceach agus a bhfuil rochtain éasca orthu i gcás teagmhais. Ba cheart oiliúint iomchuí a chur ar fáil. Ba cheart na pleananna a thástáil agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Ba cheart aon dúshláin nó teipeanna a tharlaíonn i rith na dtástálacha a dhoiciméadú agus a anailísiú, agus ba cheart na pleananna a athbhreithniú dá réir.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|