+31. Agus measúnú á dhéanamh ar ghealltanas leordhóthanach ama comhalta, ba cheart d’eisitheoirí …

31. Agus measúnú á dhéanamh ar ghealltanas leordhóthanach ama comhalta, ba cheart d’eisitheoirí …

Agus measúnú á dhéanamh ar ghealltanas leordhóthanach ama comhalta, ba cheart d’eisitheoirí ARTanna agus CASPanna an méid seo a leanas ar a laghad a chur san áireamh:

  • a. líon na stiúrthóireachtaí in eintitis airgeadais agus i gcuideachtaí eile atá i seilbh an chomhalta sin ag an am céanna, agus aird á tabhairt ar shineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann idir stiúrthóireachtaí éagsúla, e.g. i gcomhthéacs grúpa, lena n-áirítear agus iad ag gníomhú thar ceann duine dhlítheanaigh nó mar chomhalta malartach den chomhlacht bainistíochta;
  • b. na stiúrthóireachtaí in eagraíochtaí nach saothraíonn cuspóirí tráchtála den chuid is mó atá i seilbh an chomhalta sin ag an am céanna;
  • c. méid, cineál, raon feidhme agus castacht ghníomhaíochtaí an eintitis ina bhfuil stiúrthóireacht ag an gcomhalta agus, go háirithe, cé acu an eintiteas neamh-AE é an t-eintiteas nó nach ea;
  • d. láithreacht gheografach an chomhalta agus an t-am taistil is gá chun an ról a chomhlíonadh;
  • e. líon na gcruinnithe atá sceidealaithe don chomhlacht bainistíochta;
  • f. aon chruinniú is gá atá le tionól, go háirithe, le húdaráis inniúla nó le geallsealbhóirí inmheánacha nó seachtracha eile lasmuigh de sceideal cruinnithe foirmiúil an chomhlachta bainistíochta;
  • g. cineál phost sonrach agus fhreagrachtaí an chomhalta, lena n-áirítear róil shonracha amhail POF, cathaoirleach, nó cathaoirleach nó comhalta de choiste, cé acu atá post feidhmiúcháin nó neamhfheidhmiúcháin ag an gcomhalta nó nach bhfuil, agus an gá atá ag an gcomhalta sin freastal ar chruinnithe sna cuideachtaí a liostaítear i bpointí
  • (a) agus (b) agus san eintiteas airgeadais;
  • h. gníomhaíochtaí gairmiúla nó polaitiúla seachtracha eile, agus aon fheidhmeanna agus gníomhaíochtaí ábhartha eile, laistigh agus lasmuigh den earnáil airgeadais agus laistigh agus lasmuigh den AE araon;
  • i. an t-ionduchtú agus an oiliúint is gá;
  • j. aon dualgais ábhartha eile de chuid an chomhalta a mheastar a bheith riachtanach a chur san áireamh sa mheasúnú toisc go gcuireann siad iallach ar an gcomhalta am a ghealladh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/