+11. Chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir leis an gcúlchiste …

11. Chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir leis an gcúlchiste …

Chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir leis an gcúlchiste sócmhainní agus leachtachta i gcomhréir le hAirteagal 36, Airteagal 37, Airteagal 38 agus Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2023/1114:

  • a. eisitheoirí ARTanna, institiúidí ríomh-airgid a eisíonn EMTanna suntasacha agus institiúidí ríomh-airgid a eisíonn EMTanna neamhshuntasacha a gceanglaíonn an t-údarás inniúil orthu cúlchiste sócmhainní a bheith acu, ba cheart dóibh an fhaisnéis maidir leis an margadhluach, nó, i gcás inarb infheidhme, maidir le méid na sócmhainní, na n-insreafaí agus na n-eis-sreafaí in aghaidh an chomhartha a thuairisciú don údarás inniúil mar a shonraítear a thuilleadh i dteimpléad S 03.03 d’Iarscríbhinn I, arna chomhlánú i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II;
  • b. ina theannta sin, ba cheart d’eisitheoirí EMTanna atá ainmnithe in airgeadra ar airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit é atá faoi réir an cheanglais cúlchiste sócmhainní a shealbhú de bhun Airteagal 58(1) agus Airteagal 58(2) de Rialachán (AE) 2023/1114 an fhaisnéis a leagtar síos i dteimpléad S 03.01 agus i dteimpléad S 03.02 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2902 ón gCoimisiún a thuairisciú don údarás inniúil3 , arna comhlánú i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.

3 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2902 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2024 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha agus le comharthaí ríomh-airgid atá ainmnithe in airgeadra nach airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit é (IO L, 2024/2902, 28.11.2024).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/