+4.1 Teimpléid d’eisitheoirí ARTanna agus EMTanna
---+10. Chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas cistí dílse i gcomhréir le …
---+11. Chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir leis an gcúlchiste …
---+12. Chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir le …
---+13. Chun críocha a áirithiú go mbeidh na húdaráis inniúla in ann na sonraí ábhartha a sholáthar do …
---+14. Áirítear san fhaisnéis is gá don mheasúnú ar shuntas an fhaisnéis a leagtar síos i dteimpléad S …
---+15. Tar éis fógra a fháil faoi chinneadh críochnaitheach ÚBE maidir leis an measúnú ar shuntas …

4.1 Teimpléid d’eisitheoirí ARTanna agus EMTanna

Faisnéis chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas cistí dílse

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
10. Chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas cistí dílse i gcomhréir le …

Chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas cistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 35 agus le hAirteagal 58 de Rialachán (AE) 2023/1114, ba cheart d’eisitheoirí ARTanna agus EMTanna atá faoi réir ceanglas cistí dílse an fhaisnéis atá leagtha síos i dteimpléad S 09.01 agus i dteimpléad S 09.02 d’Iarscríbhinn I, arna comhlánú i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, a thuairisciú don údarás inniúil.

Faisnéis chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir leis an gcúlchiste sócmhainní agus leachtachta chomh maith leis na ceanglais is infheidhme maidir le hinfheistíocht na gcistí a fhaightear mar mhalairt ar na EMTanna

11. Chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir leis an gcúlchiste …

Chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir leis an gcúlchiste sócmhainní agus leachtachta i gcomhréir le hAirteagal 36, Airteagal 37, Airteagal 38 agus Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2023/1114:

  • a. eisitheoirí ARTanna, institiúidí ríomh-airgid a eisíonn EMTanna suntasacha agus institiúidí ríomh-airgid a eisíonn EMTanna neamhshuntasacha a gceanglaíonn an t-údarás inniúil orthu cúlchiste sócmhainní a bheith acu, ba cheart dóibh an fhaisnéis maidir leis an margadhluach, nó, i gcás inarb infheidhme, maidir le méid na sócmhainní, na n-insreafaí agus na n-eis-sreafaí in aghaidh an chomhartha a thuairisciú don údarás inniúil mar a shonraítear a thuilleadh i dteimpléad S 03.03 d’Iarscríbhinn I, arna chomhlánú i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II;
  • b. ina theannta sin, ba cheart d’eisitheoirí EMTanna atá ainmnithe in airgeadra ar airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit é atá faoi réir an cheanglais cúlchiste sócmhainní a shealbhú de bhun Airteagal 58(1) agus Airteagal 58(2) de Rialachán (AE) 2023/1114 an fhaisnéis a leagtar síos i dteimpléad S 03.01 agus i dteimpléad S 03.02 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2902 ón gCoimisiún a thuairisciú don údarás inniúil3 , arna comhlánú i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.

3 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2902 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2024 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú a bhaineann le comharthaí sócmhainn-tagartha agus le comharthaí ríomh-airgid atá ainmnithe in airgeadra nach airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit é (IO L, 2024/2902, 28.11.2024).

12. Chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir le …

Chun críocha faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir le hinfheistíocht cistí a fhaightear mar mhalairt ar EMTanna i gcomhréir le hAirteagal 54 de Rialachán (AE) 2023/1114, ba cheart d’eisitheoirí EMTanna nach bhfuil faoi réir an cheanglais cúlchiste sócmhainní a shealbhú an fhaisnéis a leagtar síos i dteimpléad S 03.03 d’Iarscríbhinn I, arna comhlánú i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, a thuairisciú don údarás inniúil.

Faisnéis atá riachtanach don mheasúnú ar shuntas

13. Chun críocha a áirithiú go mbeidh na húdaráis inniúla in ann na sonraí ábhartha a sholáthar do …

Chun críocha a áirithiú go mbeidh na húdaráis inniúla in ann na sonraí ábhartha a sholáthar do ÚBE chun measúnú a dhéanamh ar na critéir shuntais a shonraítear in Airteagal 43 agus in Airteagal 56 de Rialachán (AE) 2023/1114:

  • a. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna agus EMTanna an fhaisnéis a leagtar síos i dteimpléad S 10.01, i dteimpléad S 10.02 agus i dteimpléad S 10.03 d’Iarscríbhinn I, arna comhlánú i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, a thuairisciú don údarás inniúil.
  • b. Ina theannta sin, ba cheart d’eisitheoirí EMTanna atá ainmnithe in airgeadra ar airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit é an fhaisnéis a leagtar síos i dteimpléad S 01.00, i dteimpléad S 02.00, i dteimpléad S 04.01, i dteimpléad S 04.02, i dteimpléad S 04.03 agus i dteimpléad S 04.04 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2902 ón gCoimisiún, arna comhlánú i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, a thuairisciú don údarás inniúil.
14. Áirítear san fhaisnéis is gá don mheasúnú ar shuntas an fhaisnéis a leagtar síos i dteimpléad S …

Áirítear san fhaisnéis is gá don mheasúnú ar shuntas an fhaisnéis a leagtar síos i dteimpléad S 03.01 agus i dteimpléad S 03.02 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2902 ón gCoimisiún agus i dteimpléad S 03.03 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Treoirlínte seo, arna comhlánú i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis na Treoirlínte seo.

Faisnéis is gá tar éis ART nó EMT a aicmiú mar chomhartha suntasach

15. Tar éis fógra a fháil faoi chinneadh críochnaitheach ÚBE maidir leis an measúnú ar shuntas …

Tar éis fógra a fháil faoi chinneadh críochnaitheach ÚBE maidir leis an measúnú ar shuntas, agus i gcás ina n-aistrítear na freagrachtaí maoirseachta maidir le heisitheoir nó eisitheoirí an ART nó EMT chuig ÚBE, úsáidfidh ÚBE na teimpléid agus na treoracha dá dtagraítear i mír 10, mír 11, mír 12 agus mír 13 chun na sonraí is gá a bhailiú chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le cistí dílse, an cúlchiste sócmhainní agus leachtachta agus chun an t-athmheasúnú bliantúil ar shuntas a dhéanamh de bhun Airteagal 43(8) agus Airteagal 56(8) de Rialachán (AE) 2023/1114.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/