+54. Ba cheart d’institiúidí a gcumais a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun rioscaí ESG a …

54. Ba cheart d’institiúidí a gcumais a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun rioscaí ESG a …

Ba cheart d’institiúidí a gcumais a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun rioscaí ESG a shainaithint, agus chun measúnú, faireachán, agus bainistiú a dhéanamh orthu agus iad a mhaolú de réir mar is iomchuí. Ba cheart d’institiúidí a áirithiú, mar chuid dá mbeartas oiliúna, go bhfuil oiliúint leordhóthanach curtha ar a gcomhlacht bainistíochta agus ar a bhfoireann chun impleachtaí fhachtóirí ESG agus rioscaí ESG a thuiscint ionas go bhféadfaidís a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh go héifeachtach. Ba cheart na beartais agus na nósanna imeachta maidir le gníomhaíochtaí oiliúna a choinneáil cothrom le dáta agus forbairtí eolaíocha agus rialála a chur san áireamh; ba cheart go gcuirfí san áireamh sa nós imeachta do bhainisteoirí go bhfuil eolas ar fhachtóirí ESG agus ar rioscaí ESG ábhartha don mheasúnú ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus do shealbhóirí príomhfheidhme i gcomhréir le Treoirlínte Comhpháirteacha ÚBE agus ESMA maidir le measúnuithe oiriúnachta12 .


12 Treoirlínte Comhpháirteacha ESMA agus ÚBE maidir leis an measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus sealbhóirí príomhfheidhme faoi Threoir 2013/36/AE agus Treoir 2014/65/AE (EBA/GL/2021/06)

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/