+5.4 Cultúr, cumais agus rialuithe inmheánacha
---+54. Ba cheart d’institiúidí a gcumais a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun rioscaí ESG a …
---+55. Sa chultúr riosca fónta agus comhsheasmhach ina bhfuil na rioscaí ESG i gceist leis, a …
---+56. Chun críocha Theideal V de Threoirlínte ÚBE ar rialachas inmheánach , ba cheart d’institiúidí …
---+57. Ba cheart go mbeadh an chéad líne chosanta freagrach as measúnuithe a dhéanamh ar rioscaí ESG …
---+58. Mar chuid de ghníomhaíochtaí an dara líne chosanta: a) ba cheart go mbeadh an fheidhm …
---+59. Mar thríú líne chosanta, ba cheart don fheidhm iniúchóireachta inmheánaí (IAF) athbhreithniú …
|
5.4 Cultúr, cumais agus rialuithe inmheánacha
5.4 Cultúr, cumais agus rialuithe inmheánacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
54. Ba cheart d’institiúidí a gcumais a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun rioscaí ESG a …
|
Ba cheart d’institiúidí a gcumais a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun rioscaí ESG a shainaithint, agus chun measúnú, faireachán, agus bainistiú a dhéanamh orthu agus iad a mhaolú de réir mar is iomchuí. Ba cheart d’institiúidí a áirithiú, mar chuid dá mbeartas oiliúna, go bhfuil oiliúint leordhóthanach curtha ar a gcomhlacht bainistíochta agus ar a bhfoireann chun impleachtaí fhachtóirí ESG agus rioscaí ESG a thuiscint ionas go bhféadfaidís a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh go héifeachtach. Ba cheart na beartais agus na nósanna imeachta maidir le gníomhaíochtaí oiliúna a choinneáil cothrom le dáta agus forbairtí eolaíocha agus rialála a chur san áireamh; ba cheart go gcuirfí san áireamh sa nós imeachta do bhainisteoirí go bhfuil eolas ar fhachtóirí ESG agus ar rioscaí ESG ábhartha don mheasúnú ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus do shealbhóirí príomhfheidhme i gcomhréir le Treoirlínte Comhpháirteacha ÚBE agus ESMA maidir le measúnuithe oiriúnachta12 .
12 Treoirlínte Comhpháirteacha ESMA agus ÚBE maidir leis an measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus sealbhóirí príomhfheidhme faoi Threoir 2013/36/AE agus Treoir 2014/65/AE (EBA/GL/2021/06)
|
|
55. Sa chultúr riosca fónta agus comhsheasmhach ina bhfuil na rioscaí ESG i gceist leis, a …
|
Sa chultúr riosca fónta agus comhsheasmhach ina bhfuil na rioscaí ESG i gceist leis, a chuirtear chun feidhme laistigh den institiúid de réir Theideal IV de Threoirlínte ÚBE maidir le rialachas inmheánach13 ba cheart go n áireofaí ann cumarsáid shoiléir ón gcomhlacht bainistíochta (‘an chaoi a mbeidh cúrsaí a leagan ón mbarr’) agus bearta iomchuí chun eolas ar fhachtóirí ESG ‑ agus ar rioscaí ESG a chur chun cinn ar fud na hinstitiúide, chomh maith le feasacht ar chuspóirí agus ar ghealltanais straitéiseacha ESG na hinstitiúide.
13 Teideal IV – Cultúr riosca agus iompar gnó
|
|
56. Chun críocha Theideal V de Threoirlínte ÚBE ar rialachas inmheánach , ba cheart d’institiúidí …
|
Chun críocha Theideal V de Threoirlínte ÚBE ar rialachas inmheánach14 , ba cheart d’institiúidí rioscaí ESG a ionchorprú ina gcreataí rialaithe inmheánaigh ar fud na dtrí líne chosanta. Ba cheart go n áireofaí sa chreat rialaithe inmheánaigh sainiú soiléir agus sannadh soiléir d’fhreagrachtaí agus línte tuairiscithe riosca ESG. ‑
14 Teideal V – Creat agus sásraí rialaithe inmheánaigh
|
|
57. Ba cheart go mbeadh an chéad líne chosanta freagrach as measúnuithe a dhéanamh ar rioscaí ESG …
|
Ba cheart go mbeadh an chéad líne chosanta freagrach as measúnuithe a dhéanamh ar rioscaí ESG, agus breithnithe ábharthachta agus comhréireachta á gcur san áireamh, le linn ionduchtúcháin an chliaint, iarratas creidmheasa, athbhreithniú creidmheasa agus, i gcás inarb ábhartha, le linn próiseas infheistíochta, agus i bhfaireachán agus rannpháirtíocht leanúnach le cliaint reatha. Ba cheart go mbeadh tuiscint agus eolas leordhóthanach ag baill foirne sa chéad líne chosanta ionas go mbeidh siad in ann rioscaí féideartha ESG a shainaithint.
|
|
58. Mar chuid de ghníomhaíochtaí an dara líne chosanta: a) ba cheart go mbeadh an fheidhm …
|
Mar chuid de ghníomhaíochtaí an dara líne chosanta: - a) ba cheart go mbeadh an fheidhm bainistíochta riosca freagrach as tabhairt faoi mheasúnú riosca ESG agus as faireachán a dhéanamh go neamhspleách ar an gcéad líne chosanta, lena n áirítear trína áirithiú go gcloítear leis na teorainneacha riosca, trí cheistiú agus, i gcás inar gá, trí chur i gcoinne an mheasúnaithe tosaigh arna ‑ dhéanamh ag na hoifigigh um chaidreamh gnó;
- b) ba cheart don fheidhm chomhlíonta maoirseacht a dhéanamh ar an gcaoi a n áirithíonn an chéad líne chosanta go gcloítear le ceanglais dlí agus beartais inmheánacha riosca ESG is infheidhme, agus ba cheart di comhairle a chur ar an ‑ gcomhlacht bainistíochta agus ar bhaill foirne ábhartha eile maidir le bearta atá le déanamh chun comhlíonadh den sórt sin a áirithiú. Ina theannta sin, i ndáil leis na héilimh inbhuanaitheachta agus/nó na gealltanais arna ndéanamh ag an institiúid, ba cheart di comhairle a chur ar fáil maidir leis na rioscaí clú agus iompair a bhaineann le cur chun feidhme na n éileamh agus/nó na ngealltanas sin nó maidir le mainneachtain éilimh agus/nó gealltanais den sórt sin a chur chun feidhme; ‑
- c) ba cheart go rachfaí i gcomhairle leis an bhfeidhm chomhlíonta agus leis an bhfeidhm bainistithe riosca chun táirgí nua a bhfuil gnéithe ESG ag baint leo a fhormheas nó chun athruithe suntasacha a dhéanamh ar tháirgí atá ann cheana chun gnéithe ESG a leabú.
|
|
59. Mar thríú líne chosanta, ba cheart don fheidhm iniúchóireachta inmheánaí (IAF) athbhreithniú …
|
Mar thríú líne chosanta, ba cheart don fheidhm iniúchóireachta inmheánaí (IAF) athbhreithniú neamhspleách agus dearbhú oibiachtúil a sholáthar maidir le cáilíocht agus éifeachtacht an chreata rialaithe inmheánaigh fhoriomláin agus na gcóras rialaithe inmheánaigh foriomlán i ndáil le rioscaí ESG, lena n áirítear an chéad líne agus an dara líne chosanta agus an creat rialachais riosca ESG. ‑
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|