+30. I gcás rioscaí comhshaoil eile (lasmuigh den aeráid), ba cheart na tosca breise seo a leanas a …

30. I gcás rioscaí comhshaoil eile (lasmuigh den aeráid), ba cheart na tosca breise seo a leanas a …

I gcás rioscaí comhshaoil eile (lasmuigh den aeráid), ba cheart na tosca breise seo a leanas a chur san áireamh:

  • a. beartas agus rialáil chomhshaoil, i.e. leibhéal uaillmhéine agus forfheidhmiú na mbeartas cosanta comhshaoil, amhail caomhnú na bithéagsúlachta, rialáil ar cháilíocht an uisce agus an aeir, sainorduithe an gheilleagair chiorclaigh, srianta ar cheimiceáin d híobhálacha, agus toirmisc ar dhífhoraoisiú. Áirítear leis sin creataí réigiúnacha amhail Dlí an Aontais maidir le hAthchóiriú an Dúlra nó an Straitéis Bhithéagsúlachta la haghaidh 2030;
  • b. riocht an éiceachórais, i.e. stádas agus treochtaí na bithéagsúlachta, díghrádú an éiceachórais, torthúlacht na hithreach, infhaighteacht fionnuisce, agus leibhéil truaillithe. Sainítear leis na tosca sin an strus bunlíne don chomhshaol agus bíonn tionchar acu ar theacht chun cinn rioscaí amhail ganntanas acmhainní, cliseadh speiceas, nó géarchéim uisce;
  • c. patrúin úsáide talún agus acmhainní, i.e. méid agus déine na húsáide talún (leathnú uirbeach, talmhaíocht, mianadóireacht), agus patrúin eastósctha amhábhar nó úsáide uisce. D’fhéadfadh úsáid neamh - inbhuanaithe díghrádú comhshaoil a mhéadú agus pointí claochlaithe sóisialta nó eacnamaíocha a spreagadh;
  • d. spleáchais ar éiceachórais sa slabhra soláthair, i.e. a mhéid a bhraitheann earnálacha nó réigiúin ar sheirbhísí éiceachórais amhail pailniú, scagachán uisce, nó infhaighteacht amhábhar. D’fhéadfadh caillteanais earnála a bheith mar thoradh ar chur isteach ar na seirbhísí sin, mar shampla sa talmhaíocht, san fhoraoiseacht, san iascaireacht, i mbia nó i dteicstílí.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/