+5.2. Cásanna
---+28. Agus cásanna lena mbaineann rioscaí comhshaoil á socrú, ba cheart d’institiúidí a chur san …
---+29. Maidir le rioscaí aeráide, ba cheart na tosca breise seo a leanas a chur san áireamh: a. …
---+30. I gcás rioscaí comhshaoil eile (lasmuigh den aeráid), ba cheart na tosca breise seo a leanas a …
---+31. Ba cheart d’institiúidí cásanna inchreidte a úsáid, bunaithe ar an eolas eolaíoch is déanaí …
---+32. Ba cheart d’institiúidí na cásanna roghnaithe a bheachtú agus a shaincheapadh bunaithe ar …
---+33. Ba cheart d’institiúidí a áirithiú go bhfuil na cásanna ailínithe go maith le saintréithe …
---+34. I gcás nach n- áirítear i gcás cuid de na heilimintí a liostaítear i míreanna 29 agus 30 , ba …
---+35. Agus cásanna á socrú, ba cheart d’institiúidí riosca fisiceach agus riosca aistrithe araon a …
---+36. Ba cheart d’institiúidí na gnéithe sonracha de riosca aistrithe agus guaiseacha riosca …
---+37. Ba cheart d’institiúidí a áirithiú go bhfuil cásanna comhsheasmhach go hinmheánach. Go …
---+38. Agus prionsabal na comhréireachta á chur i bhfeidhm, féadfaidh institiúidí, ar dtús, nó ag …
|
5.2. Cásanna
5.2. Cásanna
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
28. Agus cásanna lena mbaineann rioscaí comhshaoil á socrú, ba cheart d’institiúidí a chur san …
|
Agus cásanna lena mbaineann rioscaí comhshaoil á socrú, ba cheart d’institiúidí a chur san áireamh, go seasmhach le sainaithint na gcainéal tarchurtha, roinnt tosca atá fite fuaite lena chéile chun a áirithiú go bhfuil na cásanna chomh hábhartha agus is féidir. Is é sin le rá, ba cheart d’institiúidí an méid seo a leanas a chur san áireamh: - a. comhthéacs socheacnamaíoch, i.e. barúlacha maidir le dálaí socheacnamaíocha domhanda nó réigiúnacha, lena náirítear fás daonra, forbairt eacnamaíoch agus neamhionannais shóisialta; agus tosca maicreacnamaíocha eile, lena náirítear boilsciú agus beartais airgeadaíochta, caomhnaitheacht mhéadaithe;
- b. éabhlóid theicneolaíoch, i.e. leibhéal agus luas na nuálaíochta, glacadh teicneolaíochta, agus infhaighteacht bonneagair chun tacú le teicneolaíochtaí nua;
- c. roghanna tomhaltóirí, i.e. athruithe féideartha ar inghlacthacht tomhaltóirí d’earraí agus do sheirbhísí a mheastar a bheith inbhuanaithe, táirgthe go háitiúil, sláintiúil.
|
|
29. Maidir le rioscaí aeráide, ba cheart na tosca breise seo a leanas a chur san áireamh: a. …
|
Maidir le rioscaí aeráide, ba cheart na tosca breise seo a leanas a chur san áireamh: - a. beartais aeráide, i.e. leibhéal na hidirghabhála beartais atá dírithe ar an athrú aeráide a mhaolú nó a thionchair a bhainistiú trí bheartais oiriúnúcháin; d’fhéadfadh gníomhaíochtaí an- uaillmhianach go gníomhaíochtaí íosta a bheith i gceist leis sin;
- b. córais fuinnimh, i.e. struchtúr an táirgthe, an tomhaltais agus an bhonneagair fuinnimh, lena n- áirítear spleáchas ar bhreoslaí iontaise vs. foinsí fuinnimh in - athnuaite;
- c. conairí earnála i dtreo astaíochtaí glan-nialasacha, i.e. an chaoi a n-aistríonn na hearnálacha éagsúla agus a n - oiriúnaíonn siad do gheilleagar inbhuanaithe, lena n - áirítear, i gcás inarb ábhartha, an t - ionchas idirnáisiúnta, amhail an Ghníomhaireacht Idi rnáisiúnta Fuinnimh (IEA), an tionscnamh um Sprioc Eolaíochtbhunaithe (SBTi) nó conairí dícharbónaithe earnála7 Chomhlachais Baincéireachta Neodrachta (NZBA)8 , an comhthéacs réigiúnach, lena n -áirítear, thar aon ní eile, straitéis an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’, agus sprioc 2050 maidir le neodracht ó thaobh na haeráide de, agus na beartais náisiúnta agus an straitéis aeráide;
- d. leibhéal astaíochtaí agus an tionchar aeráide ina dhiaidh sin, i.e. dlús astaíochtaí gás ceaptha teasa agus conas a mheastar go dtiocfaidh forbairt ar theocht agus ar phróisis bhithfhisiciúla eile amach anseo.
7 Is comhpháirtíocht dhomhanda é SBTi (idir CDP, Comhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe, WRI, agus WWF) a chuidíonn le cuideachtaí agus le hinstitiúidí airgeadais spriocanna laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagan síos atá ailínithe le spriocanna Chomhaontú Pháras (an téamh a theorannú go mór faoi bhun 2°C, agus iarracht a dhéanamh 1.5°C a bhaint amach). 8 Is tionscnamh treoraithe ag tionscal de chuid na Náisiún Aontaithe é NZBA a seoladh in 2021 faoi Chomhghuaillíocht Airgeadais Ghlaschú um Neodracht (GFANZ) a sholáthraíonn creat coiteann do bhainc chun a bpunanna a ailíniú le hastaíochtaí neodrachta faoi 2050 trí spriocanna earnála a ghlacadh.
|
|
30. I gcás rioscaí comhshaoil eile (lasmuigh den aeráid), ba cheart na tosca breise seo a leanas a …
|
I gcás rioscaí comhshaoil eile (lasmuigh den aeráid), ba cheart na tosca breise seo a leanas a chur san áireamh: - a. beartas agus rialáil chomhshaoil, i.e. leibhéal uaillmhéine agus forfheidhmiú na mbeartas cosanta comhshaoil, amhail caomhnú na bithéagsúlachta, rialáil ar cháilíocht an uisce agus an aeir, sainorduithe an gheilleagair chiorclaigh, srianta ar cheimiceáin d híobhálacha, agus toirmisc ar dhífhoraoisiú. Áirítear leis sin creataí réigiúnacha amhail Dlí an Aontais maidir le hAthchóiriú an Dúlra nó an Straitéis Bhithéagsúlachta la haghaidh 2030;
- b. riocht an éiceachórais, i.e. stádas agus treochtaí na bithéagsúlachta, díghrádú an éiceachórais, torthúlacht na hithreach, infhaighteacht fionnuisce, agus leibhéil truaillithe. Sainítear leis na tosca sin an strus bunlíne don chomhshaol agus bíonn tionchar acu ar theacht chun cinn rioscaí amhail ganntanas acmhainní, cliseadh speiceas, nó géarchéim uisce;
- c. patrúin úsáide talún agus acmhainní, i.e. méid agus déine na húsáide talún (leathnú uirbeach, talmhaíocht, mianadóireacht), agus patrúin eastósctha amhábhar nó úsáide uisce. D’fhéadfadh úsáid neamh - inbhuanaithe díghrádú comhshaoil a mhéadú agus pointí claochlaithe sóisialta nó eacnamaíocha a spreagadh;
- d. spleáchais ar éiceachórais sa slabhra soláthair, i.e. a mhéid a bhraitheann earnálacha nó réigiúin ar sheirbhísí éiceachórais amhail pailniú, scagachán uisce, nó infhaighteacht amhábhar. D’fhéadfadh caillteanais earnála a bheith mar thoradh ar chur isteach ar na seirbhísí sin, mar shampla sa talmhaíocht, san fhoraoiseacht, san iascaireacht, i mbia nó i dteicstílí.
|
|
31. Ba cheart d’institiúidí cásanna inchreidte a úsáid, bunaithe ar an eolas eolaíoch is déanaí …
|
Ba cheart d’institiúidí cásanna inchreidte a úsáid, bunaithe ar an eolas eolaíoch is déanaí, agus ar chásanna agus ar acmhainní arna soláthar ag eagraíochtaí idirnáisiúnta nó réigiúnacha a aithnítear go forleathan, amhail: - a. maidir le rioscaí aeráide: an Painéal Idir - Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), an Líonra um Ghlasú an Chórais Airgeadais (NGFS), an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA), Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP), Airmheán Comhpháirteach Taighd e an Choimisiúin Eorpaigh (JRC AE) nó comhlachtaí náisiúnta rialtais nó neamhrialtais;
- b. maidir le rioscaí comhshaoil eile lasmuigh den aeráid: an tArdán Idir - Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES), gníomhaireachtaí speisialaithe na Náisiún Aontaithe9 , an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (LEE)10 , an Institiúid Acmhainní Domhanda (WRI)11 , chomh maith le measúnuithe eolaíochtbhunaithe arna bhforbairt go réigiúnach nó go náisiúnta (e.g. straitéisí bithéagsúlachta náisiúnta, pleananna bainistithe ithreach agus uisce, nó creataí faireacháin ar thruailliú).
9 Áirítear ar ghníomhaireachtaí speisialaithe na Náisiún Aontaithe UNEP, FAO (An Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta), GBO (Ionchas Bithéagsúlachta Domhanda) arb é an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch é – creat suaitheanta CBD chun dul chun cinn na bithéagsúlachta domhanda a rianú, agus cinn eile a bhaineann le faireachán agus beartas comhshaoil. 10 Is comhlacht de chuid an Aontais é EEA a chuireann creat ar fáil le haghaidh sonraí comhshaoil agus tacaíocht beartais. 11 Is institiúid taighde é WRI a fhorbraíonn creataí i ndáil le bainistiú acmhainní inbhuanaithe agus gníomhú ar son na haeráide.
|
|
32. Ba cheart d’institiúidí na cásanna roghnaithe a bheachtú agus a shaincheapadh bunaithe ar …
|
Ba cheart d’institiúidí na cásanna roghnaithe a bheachtú agus a shaincheapadh bunaithe ar chuspóir, raon feidhme agus gráinneacht na hanailíse atá á déanamh. Mar shampla, agus tástálacha struis á ndéanamh, d’fhéadfadh institiúidí breithniú a dhéanamh ar ch ásanna réasúnta gearrthéarmach, ag díriú níos mó ar ghéar - rioscaí fisiceacha (i.e. teagmhais adhaimsire aeráide a thagann chun cinn go tobann) seachas ar rioscaí fisiceacha ainsealacha (i.e. athrú de réir a chéile ar dhálaí aeráide) agus béim níos mó a leagan ar na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag dícheangal láidir idir clár oibre na rialála comhshaoil, an timthriall gnó agus meon an tomhaltóra agus an mhargaidh.
|
|
33. Ba cheart d’institiúidí a áirithiú go bhfuil na cásanna ailínithe go maith le saintréithe …
|
Ba cheart d’institiúidí a áirithiú go bhfuil na cásanna ailínithe go maith le saintréithe riosca uathúla a bpunann agus a samhla gnó trí na cásanna a choigeartú a mhéid is gá agus is féidir.
|
|
34. I gcás nach n- áirítear i gcás cuid de na heilimintí a liostaítear i míreanna 29 agus 30 , ba …
|
I gcás nach n- áirítear i gcás cuid de na heilimintí a liostaítear i míreanna 29 agus 30 , ba cheart d’institiúidí measúnú a dhéanamh ar ábharthacht fhéideartha na dtosca sin agus breithniú a dhéanamh ar a mhéid ba cheart torthaí na hanailíse a choigeartú bunaithe ar bhreithiúnas saineolaithe.
|
|
35. Agus cásanna á socrú, ba cheart d’institiúidí riosca fisiceach agus riosca aistrithe araon a …
|
Agus cásanna á socrú, ba cheart d’institiúidí riosca fisiceach agus riosca aistrithe araon a chur san áireamh. Fiú más féidir cásanna ar leithligh a shocrú le haghaidh gach ceann de na rioscaí sin mar thoradh ar shamhaltú, ba cheart d’institiúidí comhsheasmhacht leordhóthanach a áirithiú idir na cásanna sin ós rud é go bhfuil na rioscaí comhghaolaithe go docht san fhadtéarma.
|
|
36. Ba cheart d’institiúidí na gnéithe sonracha de riosca aistrithe agus guaiseacha riosca …
|
Ba cheart d’institiúidí na gnéithe sonracha de riosca aistrithe agus guaiseacha riosca fisiceacha a bheidh le cumhdach ag an gcás a roghnú bunaithe ar a measúnú ábharthachta, rud a d’fhéadfadh a bheith éagsúil de réir na tréimhse ama lena mbaineann.
|
|
37. Ba cheart d’institiúidí a áirithiú go bhfuil cásanna comhsheasmhach go hinmheánach. Go …
|
Ba cheart d’institiúidí a áirithiú go bhfuil cásanna comhsheasmhach go hinmheánach. Go háirithe, níor cheart treocht gach príomhthoisce a mheas ina haonar ach i ndáil le treocht na bpríomhthosca eile. Mar shampla, ba cheart barúlacha maidir le fás eacnamaíoch a bheith comhsheasmhach le barúlacha maidir le héileamh ar fhuinneamh agus le glacadh teicneolaíochta.
|
|
38. Agus prionsabal na comhréireachta á chur i bhfeidhm, féadfaidh institiúidí, ar dtús, nó ag …
|
Agus prionsabal na comhréireachta á chur i bhfeidhm, féadfaidh institiúidí, ar dtús, nó ag brath ar mhéid, ar chineál, ar chastacht a ngníomhaíochtaí, nó ar a measúnú ar ábharthacht riosca comhshaoil, díriú ar raon feidhme níos cúinge, níos lú tosca ionchuir a úsáid, cásanna níos simplí a leagan síos agus/nó cuir chuige simplithe a úsáid.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|