+Operational conditions
---+17. Chun a chinneadh cibé an gcomhlíontar an ceanglas maidir le dearlaic chaipitil íosta, ba cheart …
---+18. Ba cheart do bhrainsí tríú tír a áirithiú go mbeidh na sócmhainní dearlaice caipitil go léir dá …
---+19. Ba cheart do bhrainsí tríú tír socruithe, straitéisí, próisis agus sásraí a chur chun feidhme …
---+20. Níor cheart na sócmhainní dearlaice caipitil dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) d’Airteagal …
---+21. Ba cheart do bhrainsí tríú tír faireachán a dhéanamh ar shuíomh geografach na sócmhainní …
---+22. Ba cheart go mbeadh na sócmhainní dearlaice caipitil dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) …

Operational conditions

Operational conditions

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
17. Chun a chinneadh cibé an gcomhlíontar an ceanglas maidir le dearlaic chaipitil íosta, ba cheart …

Chun a chinneadh cibé an gcomhlíontar an ceanglas maidir le dearlaic chaipitil íosta, ba cheart do bhrainsí tríú tír dliteanais atá sealbhaithe ar a gcuid leabhar (dliteanais arna gclárú) agus atá tuairiscithe amhlaidh acu a chur san áireamh i gcomhréir leis an gcreat tuairiscithe i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. …/… ón gCoimisiún [tagairt le cur isteach do chaighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le tuairisciú le haghaidh brainsí tríú tír].

18. Ba cheart do bhrainsí tríú tír a áirithiú go mbeidh na sócmhainní dearlaice caipitil go léir dá …

Ba cheart do bhrainsí tríú tír a áirithiú go mbeidh na sócmhainní dearlaice caipitil go léir dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (c) d’Airteagal 48e(2) de Threoir 2013/36/AE agus atá taiscthe i gcuntas eascró ar fáil i gcónaí agus go leanúnach lena n úsáid chun críocha Airteagal 96 de Threoir 2014/59/AE i gcás réiteach an bhrainse tríú tír, agus chun críocha fhoirceannadh - an bhrainse tríú tír i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

19. Ba cheart do bhrainsí tríú tír socruithe, straitéisí, próisis agus sásraí a chur chun feidhme …

Ba cheart do bhrainsí tríú tír socruithe, straitéisí, próisis agus sásraí a chur chun feidhme d’fhonn a gceanglas maidir le dearlaic chaipitil a chomhlíonadh ar bhonn leanúnach, agus d’fhonn forálacha na dTreoirlínte seo a chomhlíonadh.

20. Níor cheart na sócmhainní dearlaice caipitil dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) d’Airteagal …

Níor cheart na sócmhainní dearlaice caipitil dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) d’Airteagal 48e(2) de Threoir 2013/36/AE agus atá taiscthe i gcuntas eascró a áireamh faoi chomhair an cheanglais maidir le leachtacht d’Airteagal 48f den Treoir chéanna.

21. Ba cheart do bhrainsí tríú tír faireachán a dhéanamh ar shuíomh geografach na sócmhainní …

Ba cheart do bhrainsí tríú tír faireachán a dhéanamh ar shuíomh geografach na sócmhainní dearlaice caipitil (is é sin, suíomh an eisiúnaí nó an tsoláthraí cosanta creidhmeasa, más ábhartha), ar an riosca maidir le comhchruinniú atá iontu, agus ar chomhsheasmhacht a n ainmniúcháin airgeadra le dáileadh na bhfiachas de chuid an bhrainse tríú tír de réir airgeadra, go háirithe aon éarlaisí. - TUARASCÁIL DEIRIDH AR THREOIRLÍNTE MAIDIR LE hUIRLISÍ ATÁ AR FÁIL DO BHRAINSÍ TRÍÚ TÍORTHA LENA nÚSÁID LÁITHREACH, GAN SRIAN CHUN RIOSCAÍ NÓ CAILLTEANAIS A CHUMHDACH FAOI AIRTEAGAL 48E(2)(C) DE THREOIR 2013/36/AE

22. Ba cheart go mbeadh na sócmhainní dearlaice caipitil dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) …

Ba cheart go mbeadh na sócmhainní dearlaice caipitil dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) d’Airteagal 48e(2) de Threoir 2013/36/AE agus atá taiscthe i gcuntas eascró saor ó ualú ar bith, seachas aon ualach is gá chun a chinntiú go mbeidh na sócmhainní sin ar fáil lena n úsáid chun críocha Airteagal 96 de Threoir 2014/59/AE i gcás réiteach an bhrainse tríú tír agus chun críocha - fhoirceannadh an bhrainse tríú tír i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/