+Airteagal 15 Comhchuibhiú breise ar uirlisí, modhanna, próisis agus beartais um bhainistíocht riosca TFC
---+Airteagal 15 (a)
---+Airteagal 15 (b)
---+Airteagal 15 (c)
---+Airteagal 15 (d)
---+Airteagal 15 (e)
---+Airteagal 15 (f)
---+Airteagal 15 (g)
---+Airteagal 15 2
---+Airteagal 15 3
---+Airteagal 15 4

Airteagal 15 Comhchuibhiú breise ar uirlisí, modhanna, próisis agus beartais um bhainistíocht riosca TFC

Forbróidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, i gcomhairle le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chomhchoiteanna chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 15 (a)

gnéithe breise a shonrú le cur sna straitéisí, beartais, nósanna imeachta, prótacail agus uirlisí a bhaineann le slándáil TFC dá dtagraítear in Airteagal 9(2), d’fhonn slándáil gréasán a áirithiú, coimircí leordhóthanacha a chumasú i gcoinne ionraí agus mí-úsáid sonraí, infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí a chaomhnú, lena n-áirítear teicnící cripteagrafaíochta, agus tarchur cruinn pras sonraí gan bristeacha móra ná moilleanna míchuí a ráthú;

Airteagal 15 (b)

comhpháirteanna breise de na rialuithe ar chearta bainistíochta rochtana dá dtagraítear in Airteagal 9(4), pointe (c), a fhorbairt chomh maith le beartas acmhainní daonna gaolmhar lena sonrófar cearta rochtana, nósanna imeachta chun cearta a dheonú agus a chúlghairm, faireachán a dhéanamh ar iompar aimhrialta i ndáil le riosca TFC trí tháscairí iomchuí, lena n-áirítear le haghaidh patrúin agus uaireanta úsáide gréasáin, gníomhaíocht TFC agus gairis anaithnide;

Airteagal 15 (c)

forbairt bhreise a dhéanamh ar na sásraí a shonraítear in Airteagal 10(1) lena gcumasófar gníomhaíochtaí aimhrialta a bhrath go pras chomh maith leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 10(2) lena dtionscnaítear próisis bhraite agus freagartha i ndáil le teagmhais a bhaineann le TFC;

Airteagal 15 (d)

sonrú breise a dhéanamh ar chomhpháirteanna an bheartais leanúnachais gnó TFC dá dtagraítear in Airteagal 11(1);

Airteagal 15 (e)

sonrú breise a dhéanamh ar thástáil na bpleananna leanúnachais gnó TFC dá dtagraítear in Airteagal 11(6) chun a áirithiú go gcuirfear san áireamh go cuí sa tástáil sin cásanna insamhlaithe ina dtagann meathlúchán ar cháilíocht soláthair feidhme criticiúla nó tábhachtaí go leibhéal do-ghlactha nó ina gcliseann ar an soláthar, agus go measfar go cuí sa tástáil tionchar féideartha na dócmhainneachta, nó aon chliseadh eile, i gcás aon soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí ábhartha agus, i gcás inarb ábhartha, na rioscaí polaitiúla i ndlínsí na soláthraithe faoi seach;

Airteagal 15 (f)

sonrú breise a dhéanamh ar chomhpháirteanna na bpleananna freagartha agus athshlánaithe TFC dá dtagraítear in Airteagal 11(3);

Airteagal 15 (g)

sonrú breise a dhéanamh ar ábhar agus formáid na tuarascála maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat bainistíochta riosca TFC dá dtagraítear in Airteagal 6(5);

Airteagal 15 2

Nuair a bheidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt acu, cuirfidh ÚMEnna méid agus próifíl riosca fhoriomlán an eintitis airgeadais, agus cineál, scála agus castacht a seirbhísí, a ngníomhaíochtaí agus a n-oibríochtaí san áireamh, agus an aird chuí á tabhairt ar aon ghné shonrach a eascraíonn as cineál ar leith na ngníomhaíocht trasna earnálacha éagsúla seirbhísí airgeadais.

Airteagal 15 3

Cuirfidh ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2024.

Airteagal 15 4

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad mhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas