+Airteagal 26 11

Airteagal 26 11

11.   Déanfaidh ÚMEnna, i gcomhar le BCE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chomhpháirteacha a fhorbairt i gcomhréir le creat TIBER-EU chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

na critéir a úsáidtear chun mír 8, an dara fomhír, a chur i bhfeidhm;

(b)

na ceanglais agus na caighdeáin lena rialaítear úsáid tástálaithe inmheánacha;

(c)

na ceanglais i ndáil le:

(i)

raon feidhme TLPT dá dtagraítear i mír 2;

(ii)

an mhodheolaíocht tástála agus an cur chuige tástála atá le leanúint le haghaidh gach céime den phróiseas tástála;

(iii)

torthaí na tástála agus céimeanna deiridh agus céimeanna feabhsúcháin na tástála;

(d)

cineál an chomhair maoirseachta agus comhar ábhartha eile is gá chun TLPT a chur chun feidhme agus chun aitheantas frithpháirteach ar an tástáil sin a éascú, i gcomhthéacs eintiteas airgeadais a fheidhmíonn i mbreis agus aon Bhallstát amháin, go mbeidh leibhéal páirtíochta maoirseachta iomchuí i gceist chomh maith le cur chun feidhme solúbtha chun freastal ar shainiúlachtaí fo-earnálacha airgeadais nó sainiúlachtaí margaí airgeadais áitiúla.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt, tabharfaidh ÚMEnna aird chuí ar aon ghné shonrach a eascraíonn as cineál leithleach na ngníomhaíochtaí ar fud na n-earnálacha éagsúla seirbhísí airgeadais.

Cuirfidh ÚMEnna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Iúil 2024.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas