|
(d)
|
moltaí a eisiúint maidir leis na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 33(3), go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
|
(i)
|
úsáid a bhaint as ceanglais shonracha slándála agus cháilíochta TFC nó as próisis shonracha slándála agus cháilíochta TFC, go háirithe i ndáil le cur chun feidhme céimneach paistí, nuashonruithe, criptiúcháin agus beart slándála eile a mheasann an Príomh-Fhormhaoirseoir a bheith ábhartha chun slándáil TFC seirbhísí a sholáthraítear d’eintitis airgeadais a áirithiú;
|
|
(ii)
|
úsáid a bhaint as coinníollacha agus téarmaí, lena n-áirítear cur chun feidhme a ngnéithe teicniúla, faoina soláthraíonn na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla seirbhísí TFC d’eintitis airgeadais, a mheasann an Príomh-Fhormhaoirseoir a bheith ábhartha chun giniúint pointí aonair mainneachtana, nó aimpliúchán na bpointí mainneachtana sin, a chosc, nó chun tionchar sistéamach féideartha, ar fud earnáil airgeadais an Aontais i gcás riosca TFC maidir le comhchruinniú, a íoslaghdú;
|
|
(iii)
|
aon fhochonraitheoireacht phleanáilte, i gcás ina measfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir go bhféadfadh fochonraitheoireacht bhreise, lena n-áirítear socruithe fochonraitheoireachta a bhfuil sé beartaithe ag na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla tabhairt fúthu le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí nó fochonraitheoirí TFC atá bunaithe i dtríú tír, go bhféadfadh sé rioscaí a spreagadh don eintiteas airgeadais agus seirbhísí á soláthar aige, nó rioscaí don chobhsaíocht airgeadais, bunaithe ar an scrúdú ar an bhfaisnéis arna bailiú i gcomhréir le hAirteagail 37 agus 38;
|
|
(iv)
|
staonadh ó shocrú fochonraitheoireachta breise a dhéanamh, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha carnacha seo a leanas:
|
—
|
gur soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí é an fochonraitheoir beartaithe nó fochonraitheoir TFC atá bunaithe i dtríú tír;
|
|
—
|
go mbaineann an fhochonraitheoireacht le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha de chuid an eintitis airgeadais; agus
|
|
—
|
go measann an Príomh-Fhormhaoirseoir go gcruthaíonn úsáid fochonraitheoireachta den sórt sin riosca soiléir tromchúiseach do chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó d’eintitis airgeadais, lena n-áirítear cumas eintiteas airgeadais ceanglais mhaoirseachta a chomhlíonadh.
|
|
Chun críche phointe (iv) den phointe seo, déanfaidh soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí, agus úsáid á baint acu as an teimpléad dá dtagraítear in Airteagal 41(1), pointe (b), an fhaisnéis maidir le fochonraitheoireacht a tharchur chuig an bPríomh-Fhormhaoirseoir.
|