+Airteagal 35 Cumhachtaí an Phríomh-Fhormhaoirseora
---+Airteagal 35 1
---+Airteagal 35 2
---+Airteagal 35 3
---+Airteagal 35 4
---+Airteagal 35 5
---+Airteagal 35 6
---+Airteagal 35 7
---+Airteagal 35 8
---+Airteagal 35 9
---+Airteagal 35 10
---+Airteagal 35 11

Airteagal 35 Cumhachtaí an Phríomh-Fhormhaoirseora

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 35 1

1.   Chun críocha na ndualgas a leagtar síos sa Roinn seo a chomhlíonadh, beidh na cumhachtaí seo a leanas ag an bPríomh-Fhormhaoirseoir i ndáil le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla:

(a)

gach faisnéis ábhartha agus doiciméadacht ábhartha a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 37;

(b)

imscrúduithe agus cigireachtaí ginearálta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 38 agus 39, faoi seach;

(c)

tuarascálacha a iarraidh tar éis do na gníomhaíochtaí formhaoirseachta a bheith tugtha chun críche lena sonraítear na bearta a rinneadh nó na bearta ceartaitheacha a chuir na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla chun feidhme i ndáil leis na moltaí dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír seo;

(d)

moltaí a eisiúint maidir leis na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 33(3), go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

úsáid a bhaint as ceanglais shonracha slándála agus cháilíochta TFC nó as próisis shonracha slándála agus cháilíochta TFC, go háirithe i ndáil le cur chun feidhme céimneach paistí, nuashonruithe, criptiúcháin agus beart slándála eile a mheasann an Príomh-Fhormhaoirseoir a bheith ábhartha chun slándáil TFC seirbhísí a sholáthraítear d’eintitis airgeadais a áirithiú;

(ii)

úsáid a bhaint as coinníollacha agus téarmaí, lena n-áirítear cur chun feidhme a ngnéithe teicniúla, faoina soláthraíonn na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla seirbhísí TFC d’eintitis airgeadais, a mheasann an Príomh-Fhormhaoirseoir a bheith ábhartha chun giniúint pointí aonair mainneachtana, nó aimpliúchán na bpointí mainneachtana sin, a chosc, nó chun tionchar sistéamach féideartha, ar fud earnáil airgeadais an Aontais i gcás riosca TFC maidir le comhchruinniú, a íoslaghdú;

(iii)

aon fhochonraitheoireacht phleanáilte, i gcás ina measfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir go bhféadfadh fochonraitheoireacht bhreise, lena n-áirítear socruithe fochonraitheoireachta a bhfuil sé beartaithe ag na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla tabhairt fúthu le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí nó fochonraitheoirí TFC atá bunaithe i dtríú tír, go bhféadfadh sé rioscaí a spreagadh don eintiteas airgeadais agus seirbhísí á soláthar aige, nó rioscaí don chobhsaíocht airgeadais, bunaithe ar an scrúdú ar an bhfaisnéis arna bailiú i gcomhréir le hAirteagail 37 agus 38;

(iv)

staonadh ó shocrú fochonraitheoireachta breise a dhéanamh, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

—

gur soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí é an fochonraitheoir beartaithe nó fochonraitheoir TFC atá bunaithe i dtríú tír;

—

go mbaineann an fhochonraitheoireacht le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha de chuid an eintitis airgeadais; agus

—

go measann an Príomh-Fhormhaoirseoir go gcruthaíonn úsáid fochonraitheoireachta den sórt sin riosca soiléir tromchúiseach do chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó d’eintitis airgeadais, lena n-áirítear cumas eintiteas airgeadais ceanglais mhaoirseachta a chomhlíonadh.

Chun críche phointe (iv) den phointe seo, déanfaidh soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí, agus úsáid á baint acu as an teimpléad dá dtagraítear in Airteagal 41(1), pointe (b), an fhaisnéis maidir le fochonraitheoireacht a tharchur chuig an bPríomh-Fhormhaoirseoir.

Airteagal 35 2

2.   Agus na cumhachtaí dá dtagraítear san Airteagal seo á bhfeidhmiú aige, déanfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir an méid seo a leanas:

(a)

comhordú rialta a áirithiú laistigh de JON, agus go háirithe lorgóidh sé cineálacha cur chuige comhsheasmhacha, de réir mar is iomchuí, maidir le formhaoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla;

(b)

aird chuí a thabhairt ar an gcreat a bhunaítear le Treoir (AE) 2022/2555 agus, i gcás inar gá, rachaidh siad i gcomhairle leis na húdaráis inniúla ábhartha arna n-ainmniú nó arna mbunú i gcomhréir leis an Treoir sin, chun dúbailt ar bhearta teicniúla agus eagraíochtúla a d’fhéadfadh feidhm a bheith acu maidir le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla de bhun na Treorach sin a sheachaint;

(c)

féachaint le híoslaghdú a dhéanamh, a mhéid is féidir, ar an riosca go gcuirfí isteach ar sheirbhísí arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla do chustaiméirí ar eintitis iad nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

Airteagal 35 3

3.   Rachaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir i gcomhairle leis an bhFóram Formhaoirseachta sula bhfeidhmeofar na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 1.

Sula n-eisítear moltaí i gcomhréir le mír 1, pointe (d), tabharfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir an deis don soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí faisnéis ábhartha a sholáthar, laistigh de 30 lá féilire, ina léirítear an tionchar ionchasach ar chustaiméirí ar eintitis iad nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus, i gcás inarb iomchuí, ina gceaptar réitigh chun rioscaí a mhaolú.

Airteagal 35 4

4.   Cuirfidh an Príomh-Fhormhaoirseoir JON ar an eolas faoi thoradh fheidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b). Déanfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir, gan moill mhíchuí, na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), a tharchur chuig JON agus chuig údaráis inniúla na n-eintiteas airgeadais a úsáideann seirbhísí TFC an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí chriticiúil sin.

Airteagal 35 5

5.   Comhoibreoidh soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla de mheon macánta leis an bPríomh-Fhormhaoirseoir agus tabharfaidh siad cúnamh dó chun a chúraimí a chomhlíonadh.

Airteagal 35 6

6.   Féadfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir, i gcás neamhchomhlíonadh iomlán nó páirteach na mbeart a cheanglaítear a dhéanamh de bhun fheidhmiú na gcumhachtaí faoi mhír 1, pointí (a), (b) agus (c), agus tar éis 30 lá féilire ar a laghad a bheith caite ón dáta a fuair an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil fógra faoi na bearta faoi seach, glacfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir cinneadh lena bhforchuirfear íocaíocht phionósach thréimhsiúil chun iallach a chur ar an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil na bearta sin a chomhlíonadh.

Airteagal 35 7

7.   An íocaíocht phionósach thréimhsiúil dá dtagraítear i mír 6, is ar bhonn laethúil a dhéanfar í a forchur go dtí go mbainfear comhlíontacht amach agus ar feadh tréimhse nach mó ná 6 mhí tar éis don fhógra maidir leis an gcinneadh lena bhforchuirfear íocaíocht phionósach thréimhsiúil a bheith tugtha don soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil.

Airteagal 35 8

8.   Méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, arna ríomh ón dáta arna sonrú sa chinneadh lena bhforchuirfear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil, beidh sé comhionann le suas le 1 % de mheánláimhdeachas laethúil domhanda an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí chriticiúil sa bhliain ghnó roimhe. Agus méid na híocaíochta pionósaí á chinneadh, cuirfidh an Príomh-Fhormhaoirseoir na critéir seo a leanas san áireamh maidir le neamhchomhlíonadh na mbeart dá dtagraítear i mír 6:

(a)

tromchúis agus fad an neamhchomhlíonta;

(b)

cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh an neamhchomhlíonadh d’aon ghnó nó le faillí;

(c)

leibhéal an chomhair a dhéanann an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí leis an bPríomh-Fhormhaoirseoir.

Chun críocha na chéad fhomhíre, chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú, rachaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir i mbun comhairliúcháin laistigh de JON.

Airteagal 35 9

9.   Is de chineál an riaracháin na híocaíochtaí pionósacha agus beidh siad in-fhorfheidhmithe. Déanfar forfheidhmiúchán a rialú leis na rialacha nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát ar ina chríoch féin a dhéanfar cigireachtaí agus rochtain. Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit lena mbaineann i dtaca le gearáin a bhaineann le forfheidhmiú a bheith á chur i gcrích ar dhóigh neamhrialta. Déanfar méideanna na n-íocaíochtaí pionósacha a leithdháileadh chuig buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 35 10

10.   Déanfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir gach íocaíocht phionósach thréimhsiúil a forfheidhmeofar a nochtadh don phobal, mura rud é go ndéanfadh an nochtadh sin dochar mór do na margaí airgeadais nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.

Airteagal 35 11

11.   Sula bhforchuirfear íocaíocht phionósach thréimhsiúil faoi mhír 6, tabharfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir deis d’ionadaithe an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí chriticiúil atá faoi réir na n-imeachtaí go n-éistfear leo maidir leis na torthaí agus bunóidh sé a chinntí ar thorthaí a raibh deis ag an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí criticiúil atá faoi réir na n-imeachtaí a bharúil a thabhairt ina dtaobh agus ar na torthaí sin amháin.

Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir na n-imeachtaí a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Beidh an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil atá faoi réir na n-imeachtaí i dteideal rochtain a bheith aige ar an gcomhad, ach sin faoi réir an leasa dhlisteanaigh atá ag daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Leis an gceart rochtana ar an gcomhad, ní chuimseofar faisnéis rúnda eile ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha an Phríomh-Fhormhaoirseora.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas