1. I gcás nach féidir cuspóirí formhaoirseachta a bhaint amach trí idirghníomhú leis an bhfochuideachta a bunaíodh chun críoch Airteagal 31(12), nó trí ghníomhaíochtaí formhaoirseachta a fheidhmiú ar áitreabh atá lonnaithe san Aontas, féadfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir na cumhachtaí dá dtagraítear sna forálacha seo a leanas a fheidhmiú ar aon áitreabh atá suite i dtríú tír atá faoi úinéireacht, nó atá in úsáid ar bhealach ar bith, chun críocha seirbhísí a sholáthar d’eintitis airgeadais de chuid an Aontais, ag soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil, i dtaca lena oibríochtaí gnó, lena fheidhmeanna nó lena sheirbhísí, lena n-áirítear aon oifigí, áitribh, tailte nó foirgnimh riaracháin, gnó nó oibríochtúla nó aon mhaoin eile:
|
(a)
|
in Airteagal 35(1), pointe (a); agus
|
|
(b)
|
in Airteagal 35(1), pointe (b), i gcomhréir le hAirteagal 38(2), pointí (a), (b) agus (d), agus in Airteagal 39(1) agus (2), pointe (a).
|
Féadfar na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fheidhmiú faoi réir na gcoinníollacha uile seo a leanas:
|
(i)
|
measann an Príomh-Fhormhaoirseoir gur gá cigireacht a dhéanamh i dtríú tír ionas go mbeidh sé in ann a dhualgais a chomhlíonadh go hiomlán agus go héifeachtach faoin Rialachán seo;
|
|
(ii)
|
baineann an chigireacht i dtríú tír go díreach le seirbhísí TFC a sholáthar d’eintitis airgeadais san Aontas;
|
|
(iii)
|
go dtoilíonn an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil lena mbaineann le cigireacht a dhéanamh i dtríú tír; agus
|
|
(iv)
|
gur thug an Príomh-Fhormhaoirseoir fógra oifigiúil d’údarás ábhartha an tríú tír lena mbaineann agus nach ndearna sé aon agóid ina choinne.
|