+Airteagail 36 2

Airteagail 36 2

2.   Gan dochar d’inniúlachtaí institiúidí an Aontais agus na mBallstát faoi seach, chun críocha mhír 1, déanfaidh ÚBE, ÚEUM nó ÚEÁPC socruithe comhair riaracháin a thabhairt i gcrích le húdarás ábhartha an tríú tír chun gur féidir leis an bPríomh-Fhormhaoirseoir agus lena fhoireann ainmnithe dá misean sa tríú tír lena mbaineann cigireachtaí a dhéanamh go rianúil sa tríú tír sin. Ní chruthófar leis na socruithe comhair sin oibleagáidí dlíthiúla i dtaca leis an Aontas agus lena Bhallstáit, ná ní chuirfear cosc leo ar Bhallstáit agus a gcuid údarás inniúil ó shocruithe déthaobhacha nó ó shocruithe iltaobhacha a thabhairt i gcrích leis na tríú tíortha agus lena n-údaráis ábhartha.

Sonrófar na gnéithe seo a leanas ar a laghad sna socruithe comhair sin:

(a)

na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí formhaoirseachta a dhéantar faoin Rialachán seo agus aon fhaireachán analógach ar riosca TFC tríú páirtí san earnáil airgeadais a fheidhmíonn údarás ábhartha an tríú tír lena mbaineann, lena n-áirítear sonraí maidir le comhaontú an tríú tír sin a tharchur ionas go bhféadfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir agus a fhoireann ainmnithe imscrúduithe ginearálta agus cigireachtaí ar an láthair dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, a dhéanamh ar an gcríoch faoina dhlínse;

(b)

an sásra chun aon fhaisnéis ábhartha a tharchur idir ÚBE, ÚEUM nó ÚEÁPC agus údarás ábhartha an tríú tír lena mbaineann, go háirithe maidir le faisnéis a d’fhéadfadh an Príomh-Fhormhaoirseoir a iarraidh de bhun Airteagal 37;

(c)

na sásraí chun go dtabharfaidh údarás ábhartha an tríú tír lena mbaineann fógra pras do ÚBE, ÚEUM nó ÚEÁPC maidir le cásanna ina meastar gur sháraigh soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí atá bunaithe i dtríú tír agus atá ainmnithe mar sholáthraí criticiúil i gcomhréir le hAirteagal 31(1), pointe (a), na ceanglais a bhfuil sé d’oibleagáid air cloí de bhun an dlí is infheidhme sa tríú tír lena mbaineann agus seirbhísí á soláthar d’institiúidí airgeadais sa tríú tír sin, chomh maith leis na leigheasanna agus na pionóis a cuireadh i bhfeidhm;

(d)

tarchur rialta na nuashonruithe ar fhorbairtí rialála nó maoirseachta maidir le faireachán a dhéanamh ar riosca TFC tríú páirtí na n-institiúidí airgeadais sa tríú tír lena mbaineann;

(e)

na sonraí lena gceadófar, más gá, d’ionadaí amháin ón údarás ábhartha tríú tír a bheith rannpháirteach sna cigireachtaí arna ndéanamh ag an bPríomh-Fhormhaoirseoir agus ag an bhfoireann ainmnithe.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas