|
+Airteagal 49 4. |
Airteagal 49 4.Maidir le córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointí 1, 6 agus 7 d’Iarscríbhinn III, i réimsí fhorfheidhmiú an dlí, na himirce, an tearmainn agus an bhainistithe rialaithe teorann, beidh an clárú dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo i gcuid neamhphoiblí shlán de bhunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 71, agus ní áireofar ann ach an fhaisnéis seo a leanas, de réir mar is infheidhme, dá dtagraítear:
(a)
i Roinn A, pointí 1 go 10 d’Iarscríbhinn VIII, cé is moite de phointí 6, 8 agus 9;
(b)
i Roinn B, pointí 1 go 5, agus pointí 8 agus 9 d’Iarscríbhinn VIII;
(c)
i Roinn C, pointí 1 go 3, d’Iarscríbhinn VIII;
(d)
i bpointí 1, 2, 3, agus 5, d’Iarscríbhinn IX. Ní bheidh rochtain ach ag an gCoimisiún agus ag na húdaráis náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 74(8) ar na ranna srianta sin faoi seach de bhunachar sonraí an Aontais atá liostaithe sa chéad fhomhír den mhír seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|