|
+Airteagal 8 2. |
Airteagal 8 2.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 chun Iarscríbhinn IV a leasú trí chatagóirí táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chur leis nó a tharraingt siar. Agus na catagóirí sin de tháirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus an leibhéal dearbhúcháin is gá á gcinneadh aige, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún na critéir dá dtagraítear in Airteagal 7(2) i gcuntas agus áiritheoidh sé go gcomhlíonfaidh na catagóirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas:
(a)
go bhfuil spleáchas criticiúil ag eintitis fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2022/2555 maidir leis an gcatagóir táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha;
(b)
go bhféadfadh suaití tromchúiseacha do shlabhraí soláthair criticiúla ar fud an mhargaidh inmheánaigh a bheith mar thoradh ar theagmhais agus leochaileachtaí a shaothraítear a bhaineann leis an gcatagóir táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha. Sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú den chineál dá dtagraítear i mír 1. Leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar foráil d’idirthréimhse íosta 6 mhí, mura mbeidh údar le hidirthréimhse níos giorra ar mhórchúiseanna práinne. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|