+Airteagal 13 3.
|
Airteagal 13 3.
Déanfar an measúnú riosca cibearshlándála a dhoiciméadú agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is iomchuí le linn tréimhse thacaíochta a chinnfear i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo. Is éard a bheidh sa mheasúnú riosca cibearshlándála sin ar a laghad anailís ar rioscaí cibearshlándála bunaithe ar an gcríoch a beartaíodh agus ar an úsáid atá intuartha le réasún, chomh maith le coinníollacha úsáide an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, amhail an timpeallacht oibríochtúil nó na sócmhainní atá le cosaint, agus an fad ama a mheastar go mbeidh an táirge in úsáid á chur i gcuntas. Léireofar sa mheasúnú riosca cibearshlándála an bhfuil na ceanglais slándála a leagtar amach i gCuid I, pointe (2), d’Iarscríbhinn I, infheidhme maidir leis an táirge ábhartha ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus má tá, an chaoi a bhfuil siad, agus an chaoi a gcuirtear na ceanglais sin chun feidhme de réir na faisnéise atá sa mheasúnú riosca cibearshlándála. Léireofar ann freisin an chaoi a gcuirfidh an monaróir Cuid I, pointe (1), d’Iarscríbhinn I, agus na ceanglais maidir le láimhseáil leochaileachtaí a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn I i bhfeidhm.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|