|
+Airteagal 14 2. |
Airteagal 14 2.Chun críocha an fhógra dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an monaróir an méid seo a leanas isteach:
(a)
fógra luathrabhaidh faoi leochaileacht a shaothraítear go gníomhach, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig tar éis don mhonaróir teacht ar an eolas fúithi, ina léireofar, i gcás inarb infheidhme, na Ballstáit faoina bhfuil an monaróir ar an eolas gur cuireadh a tháirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar a gcríoch;
(b)
mura bhfuil an fhaisnéis ábhartha curtha ar fáil cheana, fógra leochaileachta, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 72 uair an chloig tar éis don mhonaróir teacht ar an eolas faoin leochaileacht a shaothraítear go gníomhach, ina soláthrófar faisnéis ghinearálta, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, faoin táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cineál ginearálta an tsaothraithe agus na leochaileachta lena mbaineann chomh maith le haon bheart ceartaitheach nó maolaitheach arna dhéanamh, agus bearta ceartaitheacha nó maolaitheacha is féidir le húsáideoirí a dhéanamh, agus ina léireofar freisin, i gcás inarb infheidhme, a íogaire atá an fhaisnéis faoina dtugtar fógra, dar leis an monaróir;
(c)
mura bhfuil an fhaisnéis ábhartha curtha ar fáil cheana, tuarascáil chríochnaitheach, tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis beart ceartaitheach nó maolaitheach a bheith ar fáil, ina n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:
(i)
tuairisc ar an leochaileacht, lena n-áirítear a déine agus a tionchar;
(ii)
i gcás ina mbeidh fáil uirthi, faisnéis maidir le haon ghníomhaí mailíseach a shaothraigh nó a shaothraíonn an leochaileacht;
(iii)
mionsonraí faoin nuashonrú slándála nó faoi bhearta ceartaitheacha eile a cuireadh ar fáil chun an leochaileacht a leigheas. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|