+Airteagal 14 4.

Airteagal 14 4.

Chun críocha an fhógra dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh an monaróir an méid seo a leanas isteach:

(a) 

fógra luathrabhaidh faoi theagmhas tromchúiseach a bhfuil tionchar aige ar shlándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 24 uair an chloig tar éis don mhonaróir teacht ar an eolas faoi, lena n-áirítear ar a laghad an bhfuil amhras ann gur ghníomhartha neamhdhleathacha nó mailíseacha ba chúis leis an teagmhas, agus ina léireofar freisin, i gcás inarb infheidhme, na Ballstáit faoina bhfuil an monaróir ar an eolas gur cuireadh a tháirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar a gcríoch;

(b) 

mura bhfuil an fhaisnéis ábhartha curtha ar fáil cheana, fógra teagmhais, gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 72 uair an chloig tar éis don mhonaróir teacht ar an eolas faoin teagmhas, ina soláthrófar faisnéis ghinearálta, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, faoi chineál an teagmhais, measúnú tosaigh ar an teagmhas, chomh maith le haon bheart ceartaitheach nó maolaitheach arna dhéanamh, agus bearta ceartaitheacha nó maolaitheacha is féidir le húsáideoirí a dhéanamh, agus ina léireofar freisin, i gcás inarb infheidhme, a íogaire atá an fhaisnéis faoina dtugtar fógra, dar leis an monaróir;

(c) 

mura bhfuil an fhaisnéis ábhartha curtha ar fáil cheana, tuarascáil chríochnaitheach, laistigh de 1 mhí amháin tar éis an fógra teagmhais a chur isteach faoi phointe (b), ina n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

(i) 

tuairisc mhionsonraithe ar an teagmhas, lena n-áirítear a dhéine agus a thionchar;

(ii) 

an cineál bagartha nó an bhunchúis ar dócha gur spreag sí an teagmhas;

(iii) 

bearta maolaitheacha arna gcur i bhfeidhm agus bearta maolaitheacha leanúnacha.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas