+Airteagal 20 4.
|
Airteagal 20 4.
Dáileoirí a bhfuil a fhios acu, nó a bhfuil cúis acu lena cheapadh, ar bhonn na faisnéise atá ina seilbh acu, nach bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha arna chur ar fáil ar an margadh acu nó na próisis arna gcur ar bun ag a mhonaróir i gcomhréir leis an Rialachán seo, áiritheoidh siad go ndéanfar na bearta ceartaitheacha is gá chun an táirge sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó na próisis arna gcur ar bun ag a mhonaróir a thabhairt chun comhréireachta, nó chun an táirge a tharraingt siar nó a aisghairm, más iomchuí. Ar theacht ar an eolas dóibh faoi leochaileacht sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, cuirfidh na dáileoirí an monaróir ar an eolas faoin leochaileacht sin gan moill mhíchuí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca suntasach cibearshlándála ag baint leis an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tabharfaidh na dáileoirí an méid sin le fios gan mhoill d’údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar chuir siad an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar an margadh, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bheart ceartaitheach arna dhéanamh.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|