+Airteagal 50 2

Airteagal 50 2

2.   Áireofar, ar a laghad, ar na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 1, na cumhachtaí seo a leanas:

(a)

rochtain ar aon doiciméad nó sonraí a shealbhaítear in aon fhoirm agus a mheasann an t-údarás inniúil a bheith ábhartha chun a dhualgais a fheidhmiú agus cóip den mhéid sin a fháil nó a dhéanamh;

(b)

cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair a dhéanamh, lena n-áireofar an méid a leanas gan a bheith teoranta dó;

(i)

ionadaithe na n-eintiteas tríú páirtí a thoghairm agus a iarraidh orthu mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar fhíorais nó doiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, agus na freagraí a thaifeadadh;

(ii)

agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhaineann le hábhar imscrúdaithe a bhailiú;

(c)

bearta ceartaitheacha agus feabhais a éileamh le haghaidh sáruithe ar cheanglais an Rialacháin seo.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas