|
+Airteagal 58 1. |
Airteagal 58 1.Beidh na cumhachtaí imscrúdaitheacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta:
(a)
ordú a thabhairt don rialaitheoir agus don phróiseálaí agus, i gcás inarb infheidhme, d'ionadaí an rialaitheora nó an phróiseálaí, aon fhaisnéis a éilíonn sé ar mhaithe lena chúraimí a chomhlíonadh a chur ar fáil dó;
(b)
imscrúduithe a dhéanamh i bhfoirm iniúchtaí ar chosaint sonraí;
(c)
athbhreithniú a dhéanamh ar dheimhnithe a eisíodh de bhun Airteagal 42(7);
(d)
fógra a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí faoi shárú a líomhnaítear a bheith déanta ar an Rialachán seo;
(e)
rochtain a fháil, ón rialaitheoir agus ón bpróiseálaí, ar na sonraí pearsanta ar fad agus ar gach faisnéis is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh; agus
(f)
rochtain a fháil ar aon áitreabh de chuid an rialaitheora agus an phróiseálaí, lena n-áirítear ar aon trealamh agus ar aon mhodh próiseála sonraí, i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí nós imeachta náisiúnta Ballstáit. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|